Rós na Gaillimhe imithe go Ghana ag obair go deonach

0
1022
Ghana - Rós na Gaillimhe

Tá Rós na Gaillimhe imithe go Ghana chun obair deonach a dhéanamh ar feadh coicís.

Thaisteal Deirdre Ní Shúilleabhán, Rós na Gaillimhe 2018, ó Aerfort Bhaile Átha Cliath agus í ag imeacht go Ghana áit a mbeidh sí ag fanacht ar feadh coicís agus í ag tabhairt faoi obair deonach.

Tá croí láidir ag an múinteor óg (24) ó Cor an Dola a roghnaíodh mar Rós na Gaillimhe ar an 19ú Bealtaine i mbliana.

Ar an oíche úd sin b’iad Croí, (catharnacht atá bunaithe sa Ghaillimh ag obair chun galair croí agus stróc a cosc) a bhí ag tabhairt urraíochta do Dheirdre.

Tá Deirdre féin bainteach le Croí ar feadh blianta beaga anuas agus dá bharr sin bhí an áthas uirthi nuair thug an scoil a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ann agus AIB Lynches Castle cabhair di feasacht a spreagadh agus airgid a bhailiú don catharnacht.

Trí ‘Lá Dathúil Stoca do Croí’ bhailíodh €750 don catharnacht, tríd an fuinneamh a thaispeáin chuile duine idir daltaí agus an foireann ar fad.

Leanfaidh Deirdre ar aghaidh ag tabhairt an méid is mo atá aici do chuile rud a mbeidh os a comhair i mbliana.

Fanfaidh sí i Ghana ar feadh coicís ag obair go deonach agus gan dabht beidh neart rudaí eile os a comhair roimh an Féile mór a bheas ar siúl thíos i dTrá Lí i mí Lúnasa.