Imreoirí agus Baill Nua á lorg ag Gaeil na Gaillimhe CLG

0
1542

Go minic chuirtear an cheist ‘an bhfuil áiseanna ar bith ann do dhaoine óige chun an Ghaolainn a n-úsáid i gCathair na Gaillimhe’? Is é Cumann Pheile Ghaeil na Gaillimhe ceann dos na h-áiseanna ab fhearr a bhunaíodh sa Ghaillimh le blianta beaga anuas.

Bunaíodh an chlub i mí Eanair 2016 agus b’í an príomhaidhm a bhí leis an chumainn ná chun an Ghaolainn agus an Pheil Ghaelach a chuir chun cinn i gCathair na Gaillimhe.

Go luath sa tséasúr anuraidh thaistil foireann Gaeil na Gaillimhe chuig Muineacháin chun a bheith páirteach i gComórtas Peile Ard Fheis Conradh na Gaeilge áit ar bhain imreoir Gaeil na Gaillimhe Eoghan de Búrca Laoch na bhFear amach.

Foireann Gaeil na Gaillimhe i Muineacháin ag Comórtas Peile Ard Fheis Conradh na Gaeilge

Duine de bhunaitheoirí an chlub Ghaeilaigh agus é ina gCathaoirleach i mbliana ná Stiofán Seoighe a labhair faoin tábhacht a bhaineann leis an chlub.

‘Tá pobal bríomhar Gaeilge cruthaithe ag bhaill an chumainn le cúig bliana anuas. Tugann sé deis do chainteoirí Gaeilge sa chathair bualadh le daoine agus cairde nua a dhéanamh trí mheán na teanga.

‘Ina theannta sin is deiseanna iontach iad na seisiún traenála agus na hócáidí sóisialta dóibh siúd atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a fhorbairt agus a n-úsáid,’ a deir Stiofán.

An bhfuil fonn ortsa do chuid Gaeilge a n-úsáid agus tú ag imirt blúire beag caide? Bhuel, tá sé n-am duit teacht ar do chuid bhróga peile mar go bhfuil Gaeil na Gaillimhe CLG ag chuir fáilte mhór roimh imreoirí agus baill nua don tseasúr úr 2020.

“Is foireann cháirdiúil, flaithiúil í, d’imreoirí cumasacha agus dóibh siúd atá nua don pheil. Táim ag tnúth go mór castáil le daoine nua agus fáilte a chur roimh bhaill nua i gclann Ghaeil na Gaillimhe i 2020” a dúirt Sarah Ní Chathmhaoil,  captaen fhoireann na mban.

Is ó neart go neart atá an chumann ag imeacht le fáilte ollmhór á chuir le bhaill nua i gcónaí.  Seo’d é an ciúgiú bhliain a bheas Foireann na mBan agus Foireann na bhFear ag imirt i gcomórtais sraithe agus i gcraobhchomórtais na Gaillimhe de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael agus Chumann Pheil na mBan.

Anuraidh d’éirigh le foireann na mban imirt i gComórtas Peile na Gaeltachta a bhí ar siúl thíos i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Deireadh seachtaine iontach a bhí ann dos na mná agus iad ag imirt sa Chomórtas ag bhí céiliúradh 50 bhliain ar an bhfód. Táid ag súil leis an Chomórtas Peile arís i mbliana a bheas ar siúl anseo sa Ghaillimh.

Foireann na mBan Gaeil na Gaillimhe ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Beidh an chéad seisiún traenála do Foireann na mBan ag tosú an Déardaoin beag seo an 30ú Eanair ag a 8i.n. i mBaile na Coiribe agus tá fáilte á chur roimh baill nua.

https://www.google.com/maps/place/Corrib+Village+Astro+Turf+Cages/@53.288097,-9.0679244,17z/data=!3m1!4b1!4m5!3m4!1s0x485b968bf4d70ebb:0x8b45c38a6a6e8108!8m2!3d53.288097!4d-9.0657357

Más mian leat clárú leis an gclub nó chun níos mó eolas a fháil faoi traenáil na mban nó na traenáil na bhfear, déan teagmháil le Stiofán ar 086-0757066 nó Barbara ar 087-786 9699. Is féidir ríomhphoist a chuir chuig gaeilnagaillimhe@gmail.com fresin chun tuilleadh eolas a fháil.

Ná déan dearmad an club a leanúint ar na méain soisialta.

Facebook: https://www.facebook.com/GaeilNaGaillimhe/

Twitter: https://twitter.com/gnag_clg

Instagram: https://www.instagram.com/gaeilnagaillimhe/

https://www.gnag.ie/