Foireann na Gaillimhe tríd go dtí Cluiche Ceannais Craobh na hÉireann

0
942
Galway hurling Clare
28 July 2018; Conor Whelan of Galway in action against Jamie Shanahan of Clare during the GAA Hurling All-Ireland Senior Championship semi-final match between Galway and Clare at Croke Park in Dublin. Photo by Ray McManus/Sportsfile

Tá foireann na Gaillimhe tríd go dtí an Cluiche Ceannais Craobh na hÉireann théis bua a fháil ar an Clár san ath-imirt.

Is iad foireann na Gaillimhe a bheas ag tabhairt aghaidh ar Luimneach sa Cluiche Ceannais Craobh na hÉireann ar an Domhnach 19ú Lúnasa théis bua a fháil ar an Clár san ath-imirt a bhí ar siúl inniu 5ú Lúnasa, i Staid Semple, dTurlas, Tiobrad Árainn.

D’imir an dá fhoireann in aghaidh a chéile sa Cluiche Leath Ceannais Craobh na hÉirean an tseachtain seo chaite i bPáirc an Crócaigh agus fiú théis am breise ní raibh aon ní ag scarúint na foirne.

Arís an tseachtain seo, san ath-imirt bhí an Gaillimh chun cinn le naoi pointe ag tús an cluiche ach bhí an Clár in ann é sin a laghdú agus ar deireadh ar fad b’é cúilín amháin a bhí fágtha ag scarúint na foirne.

D’íoc an Clár go daor as na h-iarrachtaí ar fad a chuireadar ar fóraoil, 19 in iomlán sa cluiche, agus beidh Aron Shanagher díomách théis ar shábháil James Skehill an iarracht a bhí aige ar báide i dtreo deireadh an cluiche.

Bhí báide ann chun tógaint ach do shábháil Skehill an chéad iarracht agus ansin buail an dara iarracht leis an cuaille.

Thosaigh an Gaillimh an cluiche sa slí chéanna ar thosaigh siad an tseachtain seo chaite agus thógadar 11 pointe sa chéad ceathrú. B’iad Joe Canning(3), Conor Whelan (2), David Burke (2) Conor Cooney agus Cathal Mannion a fuair na cúilíní sa tús agus ní raibh an Clár ag imirt go le aon ocras.

San 18ú nóiméad a fuair Tony Kelly an chéad pointe ón imirt don Clár ach sa taobh eile den bpáirc ansin fuair David McInerney báide don Gaillimh ag fágaint an scór ar 1-9 go 0-03.

Bhí níos mó troid ins an Clár sa tarna leath agus fuaireadar dhá báide dóibh féin ag fágaint an scór sa 53ú nóimead ar 1-13 go 2-09.

Bhí ana chuid teannas le braithint sna nóiméid dheireanach ach ar deireadh b’iad an Ghaillimh a thug an bua leo le pointe amháin. Gaillimh 1-17  Clár 2-13.

Beidh an Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar Luimneach anois sa Cluiche Ceannais Craobh na hÉireann i gceann coicíse, 19ú Lúnasa i bPáirc an Crócaigh.