Gaillimh v An Clár – Beidh lá eile ag an bPaorach agus iad chun aghaidh a thabhairt ar chéile arís

0
954
Foireann na Gaillimhe ainmnithe don ath-imirt

Gaillimh 1-30                   Clár 1-30

Beidh lá eile ag an bpaorach mar a dheirtear théis ar críochnaigh Cluiche Leathceannais Craobh na hÉireann ar comhscór i bPáirc an Crócaigh.

Buailfidh an Gaillimh agus an Clár le chéile arís théis ar críochnaigh am breise i bPáirc an Crócaigh ar comhscór.

Dé Domhnaigh seo chughainn ag 2i.n. a bheas an ath-imirt do cluiche leathcheannais na hÉireann ar siúl i dTurlas, Tiobrad Árainn.

Cluiche den chéad scoth a bhí ar siúl i bPáirc an Crócaigh tráthnóna inniu leis an Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar an Clár.

Is iad foireann na Gaillimhe a tháinig amach le hocras sa chéad leath agus iad 9 pointe chun tosaigh laistigh don chéad 15 nóimead, le cabhair ón báide a fuair Conor Cooney.

Bhí an-cluiche ag an Gaillimh sa chéad 15 nóimeád ach throid Clár thar n-ais agus ní raibh ach ceithre cúilín sa bhearna ag leath-ama. (Gaillimh 1-10 Clár 0-09).

Tháinig an Gaillimh amach  théis leath-ama agus iad réidh chun an dtarna leath a thósú ach bhí orthu fanacht leis an Clár, a thóg cúig nóimeád eile théis an Gaillimh chun teacht chun páirce.

Is ag an Gaillimh a bhí an chéad scór théis leath-ama agus is é an laoch é féin, Joe Canning a d’aimsigh an cúilín ó poc sleasa.

Cogadh den chéad scoth a bhí le feiscint i bPáirc an Crócaigh inniu le chuile duine ag troid le haghaidh seilbh a fháil ar an sliotar.

Ó taobh amháin den páirc go dtí an taobh eile, bhí cúilíní den scoth á fháil, agus níl dabht ar bith faoi ach gurb é an cúilín a fuair Peter Duggan(Clár) scór an cluiche. Cad é mar scil a bhí aige agus 4 fir ón Gaillimh mórthimpeall ar.

Bhí an dá fhoireann ag troid agus ag rith leo ag iarraidh an cluiche a bhuacaint ach críochnaigh sé ar comhscór. (Gaillimh 1-23  Clár 0-26)

In am breise tháinig fir na Gaillimhe amach ag troid arís agus fuair Joe Canning dhá cúilín iontach chun an Gaillimh a chur chun cinn arís.

Sa chéad leath don am breise chur an Clár 6/7 iarracht ar foraíl agus d’fhéach sé go raibh an lá leis an nGaillimh.

Faroar gortaíodh Joe Canning agus bhí air fágaint na páirce ach ar an dtaobh eile don páirc fuair an fathach Aron Shanagher an sliotar agus fuair sé báide uaidh ag chur an Clár chun tosaigh don chéad uair sa cluiche.

Bhí an dá thaobh cothrom arís agus iad ag dul isteach in am gortaithe nuair a fuair Johnny Coen cúilín, agus d’fhéach sé gurb leis na seaimpíní a mbeadh an lá. Faraor don Gaillimh tháinig an ionadaí Jason McCarthy suas an taobh eile don páirc agus thóg sé cúilín rud ar d’fhág an cluiche ar comhscór.

Beidh lá eile ag an bpaorach mar sin agus an dá fhoireann le aghaidh a thabhairt ar a chéile chun áit a fháil i Cluiche Ceannais na hÉireann.

Beidh an ath-imirt ar siúl i dTurlas, Tiobrad Árainn, Dé Domhnach seo chughainn 5ú Lúnasa ag a 2i.n.