Féasta Sráide Mhaigh Cuilinn ar siúl ar an 10ú lá de Mí an Mheitheamh.

0
886
Mheitheamh

Théis seachtainí agus míosa gnóthach ag ullmhú agus ag pleanáil beidh Féasta Sráide Mhaigh Cuilinn ar siúl ar an 10ú lá de Mí an Mheitheamh.

Dé Domhnaigh seo chughainn an 10ú lá de Mí an Mheitheamh a bheas an Féasta ar siúl idir a 2.i.n agus a 6.i.n taobh thiar den Coach House i Mhaigh Cuilinn.

Is éard a bheidh i gceist le Féasta Sráide Mhaigh Cuilinn ná go mbeidh lá Gaelach ann, le bia blasta, ceol binn agus caidreamh deasaá dhéanamh le linn an bhféasta.

Beidh ceardlanna ceol is rince, taispeántais bácáil is earraí bhaile, comórtais ealaíona is na mílte rudaí eile ar siúl ar an lá.

Do chaith an choiste roinnt mhaith ama ag ullmhú agus ag pleanáil don lá Gaelach seo agus táid ag súil go mbeadh gach rud go breá ar an Domhnach.

Le cúnamh Dé beidh aimsir galánta tirim acu Dé Domhnaigh seo chughainn agus go mbeadh gach aon ní go breá leis an ghrian ag scoilteadh na gcloch má bhíonn an t-ádh leo.

Lá saor in aisce a bheas ann agus deis iontach é do chuid Gaeilge a chleachtadh.

Má tá tuilleadh eolas ag teastáil faoin lá ní dhá ach ríomhphoist a sheoladh chuig gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com