Reachtáileadh cruinniú chun Féasta Sráide Mhaigh Cuilinn a phlé

0
1219
Féasta Sráide Mhaigh Cuilinn

Reachtáileadh cruinniú Oíche Dé Máirt an 17ú lá de Mí Aibreán, i dTeach na Gaeilge, i Mhaigh Cuilinn, chun an Féasta Sráide a phlé agus bhailigh slua deas le chéile chun a gcuid tacaíocht a thaispeánt.

Beidh Féasta Sráide Mhaigh Cuilinn le bheith ar siúl ar an 10ú lá de Mí an Mheitheamh idir 2-6 i.n., taobh thiar den Coach House i Mhaigh Cuilinn.

Lá Gaelach a bhéas ann ar an 10ú la de Mí an Meitheamh le bia blasta, ceol binn is caidreamh deasa á dhéanamh le daoine le linn an bhféasta a mbeidh ann.

Beidh ceardlanna ceol is rince, taispeántais bácáil is earraí bhaile, comórtais ealaíona is na mílte rudaí eile ar siúl ar an lá.

Tabharfaidh an lá deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid, is cuma más foghlaimeoir le cúpla focal iad nó cainteoir ó dhúchais atá ag iarraidh casadh le daoine nua le Gaeilge acu.

Is iad Gaeilge Mhaigh Cuilinn atá i bhfeighil an Féasta Sráide seo agus iad ag iarraidh an Gaeilge a chur chun cinn.

An príomh aidhm atá ag an grúpa Gaeilge Mhaigh Cuilinn ná chun an Ghaeilge a úsáid sa gnáthsaol, chun é chur chun cinn agus a thacaíocht trí tionscnaíocht agus bearta a ullmhú.

Nuair atá an phlean seo críochnaithe déanfaidh sé frithcaitheamh ar na riachtainnaisí laistigh don phobal, na h-achmhainní agus seirbhísí atá riachtannach chun an Gaeilge a chur chun cinn.

Chuireann Gaeilge Mhaigh Cuilinn cuireadh daoibh bhur tuairimí agus tacaíocht ar an slí ab fhearr gur féidir an phobal an teanga a shábháil agus a chur chun cinn.

Mar chuid don stráitéis 20 bhliain don teanga Gaeilge, (2010-2020) tá Cumann Forbartha Pobail Mhaigh Cuilinn i gcomhair le Udaras na Gaeltachta ag comhordúchán an phlean seo.

I dtearmaí simplí is é atá i gceist leis an phleann seo ná an slí gur féidir linn cumarsáid lena chéile ‘as gaeilge’. Braitheann a dtochaí ar oibriúchán a dhéanamh le chéile laistigh don phobal.

Cuirtear fáilte mór roimh gach uile duine a dteastaíonn uathu páirt a glacadh sa Féasta Sráide idir óg agus aosta.

Má tá suim ag duine ar bith a bheith páirteach is féidir leo ríomhphoist a sheoladh chuig gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com nó féachaint ar suíomh Facebook Gaeilge Mhaigh Cuilinn anseo.

Ar focal scor, beidh crinniú ar siúl beidh cruinniú den Mhórchoiste Gaeilge Mhaigh Cuilinn ag 8.30 i.n., an 24ú lá de Mí Aibreán i dTeach na Gaeilge. Cuirfear fáilte roimh clubanna, gnónna áitiúla, agus muintir na háite a bhfuil suim acu sa Ghaeilge.