Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 á fhógairt go luath

0
644
Gradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh - Bronnadh Oíche

Beidh Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógairtaigh 2018 á fhógairt go luath an tseachtain seo chughainn.

B’é Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Pearce Flannery, a bheidh i mbun an fógairt a dhéanamh ag 12 méanlae, Dé Máirt, an 24ú Aibreán 2018 ag preasócáid a bheidh ar siúl i ‘Téatar Uí Chearbhalláin’, Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Tá an áthas ar Ghaillimh le Gaeilge go mbeidh Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh i láthair ag an ócáid ‘Duais Aitheantais’ nua i gcomhar le ‘Fiontar & Scoil na Gaeilge’, Ollscoil Bhaile Átha Cliath a fhógairt ar son Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge.

Oibríonn Gaillimh le Gaeilge i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus le grúpaí eile sa chathair chun an Ghaeilge a chothú i gCathair Dhátheangach na hÉireann.

Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chumann Tráchtála  na Gaillimhe tríd an scéim CAIRDE.

An mhí seo caite, d’fhógair Gaillimh le Gaeilge, atá ag eagrú an Ghradaim seo le 16 bliana anuas i gcomhar leis an Galway Advertiser, na 21 gnó a chuir a n-ainmneach chun cinn don Ghradam i mbliana, 14 acu siúd don chéad uair.

Dúirt Bríd Ní Chonghóile ó Gaillimh le Gaeilge:

“Seo an dara bliain as a chéile ar sáraíodh an líon ab airde ainmniúcháin nua riamh. Cé go gcuireann muid fáilte mhór i gcónaí roimh rannpháirtithe atá ag cur isteach ar an nGradam arís, is deas an rud é i gcónaí gnónna nua a fheiceáil ag glacadh páirte ann.

“Is deis iontach é an próiseas a bhaineann leis an nGradam d’aon ghnó nó d’aon eagraíocht an Ghaeilge a chur ar taispeáint ina ngnó agus déanfaidh rannpháirtithe na bliana seo amhlaidh ‘le bród, le paisean agus le diograis.’

“Is iontach an rud é anois go bhfuil sé ag éirí níos coitianta i nGaillimh a bheith i mbun gnó go dátheangach.”

Tiocfaidh Moltóirí an Ghradaim le chéile don chéad uair an tseachtain seo agus beidh sé de dhualgas orthu an Gearrliosta a roghnú as na hainmniúcháin ar fad.

Is iad na Moltóirí na bliana seo ná: Aelmuire Ní Ógartaigh, Freda Nic Giolla Chatháin, Príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo, Soyna Nic Lochlainn, Bainisteoir Seirbhísí Corparáideacha, Údarás na Gaeltachta agus Irial Ó Ceallaigh, TG4.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge a mbuíochas a chur in iúl chomh maith do na hurraitheoirí móra le rá a gcuireann a rannpháirtíocht go mór le rath an Ghradaim agus ba mhaith leo freisin céad míle fáilte a chur roimh urraitheoir nua Lorg Media.

Is é an Galway Advertiser an príomhurraitheoir meán cumarsáide agus tá siad ag tacú leis an nGradam ó cuireadh tús leis in 2002. Tháinig Tg4 ar bord dhá bhliain ó shin agus beidh an dá eagraíocht méan cumarsáide ag cur pacáiste fógraíochta den scoth ar fáilt don bhuaiteoir iomlán.

Is féidir liosta dos na hainmniúcháin ar fad a fheiscint anseo agus beidh eolas againn faoin gearrliosta théis an fógairt an tseachtain seo chughainn.