Crinniu á reachtáil ar an 17ú Bealtaine do Féasta Sráide Mhaigh Cuillin

0
712
crinniú

Tá Crinniú á reachtáil ar an Déardaoin beag seo an 17ú Bealtaine i dTeach na Gaeilge Mhaigh Cuilinn ag a 8.30 i.n.

Beidh an crinniú á reachtáil chun Féasta Sráide Mhaigh Cuilinn a phlé agus chuirfear fáilte mhór roimh éinne gur mian leo freastal ar an crinniú agus atá ag iarraidh cabhair a thabhairt leis an bhféile a eagrú.

Tá Féasta Sráide Mhaigh Cuilinn le bheith ar siúl ar an 10ú lá de Mí an Mheitheamh ag an Coach House, Mhaigh Cuilinn idir a 2 agus 6 i.n.

Is éard atá i gceist le Féasta Sráide Mhaigh Cuilinn ná deis atá ann do muintir na háite aithne i bhfad níos fearr a chur ar a chéile mar aon le ceiliúradh a dhéanamh ar teanga agus cultúr na háite.

Lá teaghlaigh saor in aisce i Mhaigh Cuilinn ar an Domhnach 10ú Meitheamh. Is ceiliúradh ár theanga, cultúr agus ceol na hÉireann í Féasta Sráide Mhaigh Cuilinn.

Cuirfear fáilte roimh cách ag an bhféile agus go háirithe ag an crinniú a bheas ar siúl ar an Déardaoin chun chuile rud a shocrú don 10ú lá De Mí an Bhealtaine.

Is féidir an leathnach Facebook Gaeilge Mhaigh Cuilinn a leanúint chun tuilleadh eolas a fháil faoin Féile agus an slí a mbeidh sí ag forbairt.