Beidh Citysmarts san ardchathair an tseachtain seo chughainn.

0
969
Citysmarts chun tabhairt fé aistear don ardchathair

Beidh Citysmarts san ardchathair an tseachtain seo chughainn chun tabhairt fé babhta cheannais chomórtas fiontráíochta.

Tá an grúpa daltaí atá i bhfeighil Citysmarts ullamh le tabhairt ar an aistear chuig an ardchathair an tseachtain seo chughainn chun aghaidh a thabhairt ar an babhta ceannais don chomórtas fiontraíochta.

Is grúpa de chúigear atá san idirbhliain ar Choláiste na Coiribe a tháinig suas leis an smaoineamh don aip Citysmarts – aip gur féidir a úsaid chun féideartha Gaillimh in iomlán a úsáid. Mar sin rud ar bith ó bialanna atá gar duit go eolas tráchta agus imeachtaí áitíúla agus is féidir gach ní a fháil ar an Eagrán Citysmarts Gaillimh.

Tá Citysmarts ag súil go mór leis an turas atá amach rompu an tseachtain seo chughainn agus gan dabht beidís ag tnúth le bua eile a fháil théis an chúpla bua a bhí acu anseo sa Ghaillimh.

Beidís ag imeacht go dtí an ardchathair lán de dóchas agus bród go mbeidh deis acu aghaidh a thabhairt ar na hiomaitheoirí eile a bheas ann.

Beidh an babhta ceannais don chomórtas ar siúl i bPáirc an Crócaigh, Baile Átha Cliath ar an tarna lá de Mí an Bhealtaine agus is léir go mbeidh tacaíocht maith ag na mbuachaillí.

Beidís ag súil le craobh eile a thabhairt thar n-ais go dtí an Ghaillimh ó bPáirc an Crócaigh théis an bua a bhí ag foireann na hiománaíochta sa páirc caide sin i Mí Méan Fhomhair seo chaite.

Gan dabht beidh slua mór tacaíochta ar an dtaobh líne acu óna gcuid gcairde agus an scoil Coláiste na Coiribe, chomh maith leis an chlann.

Más mian libh tuilleadh eolas a fháil faoin aip is féidir dul chuig www.facebook.com/CitysmartsGalway agus tá sé éasca le íoslódáil ar GooglePlay.

Guimís gach rath ar na bhuachaillí agus iad ag tabhairt fé an aistear chuig Baile Átha Cliath agus le cúnamh dé fanaidh an stríoc buacha leo mar a dhein cheana.