Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh fógartha & Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta seolta

0
731
Gradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh - Bronnadh Oíche

Ag preasócáid a bhí ar siúl i dTéatar Uí Chearbhalláin, Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar an Máirt, dhein Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Pearce Flannery, Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a fhógairt.

Ar Ghearrliosta na bliana seo do Ghradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh, ainmníodh cúig cinn déag de ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí ó earnálacha éagsúla

Rud a chuaigh i bhfeidhm go mór ar na Moltóirí faoi na gnólachtaí a roghnaigh siad don Ghearrliosta Ghradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh, ná go raibh dul chun cinn le feiceáil agus le tomhais go soiléir sna hiarratais a chuireadh isteach ar an nGradam cheana agus bhí caighdéan na n-iarratas nua don Ghradam an-ard.

Bíonn tionachar mór ag an infheistíocht ar fad a dhéanann siad sa Ghaeilge, idir chomarthaí nua, stáiseanóireacht nua, phoiblíocht, mhargaíocht nó ana bealaí nuálaíocha ar fad a úsáideann siad chun cuir ina luí ar a gcuid custaiméirí go bhfuil ‘Seirbhís trí Ghaeilge’ á dtairscint acu.

Tá Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh á eagrú le 16 bliain anuas ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht óChumann Tráchtála na Gaillimhe; déantar céiliúradh ann ar na sár-iarrachtaí a dhéanann an lucht gnó i nGaillimh agus iad ag baint úsáíde as an nGaeilge ina gcuid oibre.

Oibríonn Gaillimh le Gaeilge i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus grúpaí eile sa chathair agus Gaillimh á cur chun cinn acu mar chathair dhátheangach.

Chomh maith le sin ag an bpreasócáid, sheol Uachtarán Ollscoill na hÉireann Gaillimh, an tOllamh Ciarán ó hÓgartaigh, Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta thar ceann Bhord Stiúrtha Gaillimh le Gaeilge agus i gcomhpháirtíocht le ‘Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Ba é Peadar an chéad chathaoirleach agus ball bunaithe Gaillimh le Gaeilge agus ba é a leag síos an bhunchloch d’fheidhmiú na heagraíochta.

Ag labhairt ag an bpreasócáid, dúirt Cathaoirleach Gaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey;

“Is ábhar bróid dúinne, mar Bhord Stiúrtha Gaillimh le Gaeilge, an comóradh seo a dhéanamh ar Pheadar agus an tréimhse a chaith sé go fial flaithiúil linn i nGaillimh le Gaeilge.

“Smaointeoir doimhin fadbhreathnaíoch a bhí ann, dírithe ar an sprioc fhadtéarmach i gcónaí. Rinne sé stiúradh stuama ar an eagraíocht agus bh sé i gcónaí ina chara dílis dúinn.”

Tá an píosa dealbhóireachta don Duais Aitheantais deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney, sean-chara é Pádraic le Peadar.

Bronnfar é ar dhaoine nó ar eagraíochtaí a bhfuil sár-iarracht déanta acu maidir le húsáid na Gaeilge agus nach bhfuil bainteach go sonrach le hobair Gaillimh le Gaeilge nó go deimhin le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh.

Bord Stiúrtha Gaillimh le Gaeilge a bheas ag roghnú na hainmniúcháin agus bronnfar é don chéad uair ag ócáid bhronnta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 a bheidh ar siúl i lár mhí na Bealtaine.

Tar éis d’Uachtarán na hOllscoile ‘Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta’ a sheoladh, bhronn Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Pearce Flannery, Teastas Gradaim ar gach ceann de na gnólachtaí atá imithe ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile sa phróiséas moltóireachta den Ghradam agus mhol sé gach dream acu as a gcuid oibre ar son na Ghaeilge sa chathair.

Seo a leanas na gnólachtaí a roghnaíodh do Ghearrliosta an Ghradaim 2018:

Catagóir Miondíola, urraithe ag Galway Bay FM:
Siopa Milseán Aintín Néilí, An tSráid Ard, Corrib Shopping Centre, An Fhaiche Mhór, KD Autoparts, An Baile Bán agus Siopa Leabhar & Dánlann Uí Chionnaithe Teo, Lios Bán.

Catagóir Turasóireachta agus Fáilteachais, urraithe ag Fáilte Éireann:
56 Central, Sráid na Siopaí, Harbour Hotel, Sráid an nDugann Nua, agus The Connacht Hotel, Bóthair Bhaile Átha Cliath.

Catagóir na Seirbhísí, urraithe ag Snap Galway:
Big O’ Taxis, An Fhaiche Mhór, Colm’s Life Pharmacy, Bóthar na Trá, Ionad Leighis Galvia West, An Taobh Thiar, Swaine Solicitors, Cnoc na Cathrach, agus Sweeney Oil Bóthar Áth Cinn.

Catagóir na gComhlachtaí Eile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge:
Babaró, International Arts Festival for Children, Bóthar na gCeannaithe, Galway City Business Association, Sráid San Proinsias agus iSupply, Bóthar na Mara.

Thréaslaigh Cathaoirleach Gaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey leis an nGearrliosta agus mhol sí iad as a gcuid oibre atá ag treisiú agus ag cur go mór le branda cultúrtha dáthenagach na cathrach.

Is féidir eolas ar fad faoi Gaillimh le Gaeilge a fháil anseo.