Stríoc Buachana do Citysmarts théis an bua a bhí acu inné

0
920

Citysmarts ar stríoc buachana anois taréis an bua a bhí acu inné sa chomórtas fiontraíochta áitiúl.

Eagrán Citysmarts Gaillimh agus is é an t-aon aip a mbeadh le n-úsáid agat chun féideartha Gaillimh in iomlán a úsáid. Ó bialanna gar duit go eolas tráchta agus imeachtaí áitiúla, tá sé go léir ag Eagrán Citysmarts Gaillimh.

Beidh sibh ag sábháil airgid leis an córas cúpóine agus cárta dílseachta atá againn. Chuirfidh ár leathanach nuachta uasdátaithe in iúl daoibh faoi scéalta ar bith i bhur limistéir.

Do bhí an bua ag Citysmarts cheana féin i gcomórtas a bhí ar siúl i Seanscoil Salerno in Indreabhán agus thug an bua sin misneach agus dóchas dóibh go mbeadh bua eile acu sa chomórtas áitiúl agus sin mar a tharla sé. Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoin chomórtas a bhuadar cheana féin i mbliana agus an comórtas fiontar féin anseo: galwaydaily.com/gaeilge/citysmarts-sa-chomortas-fiontraíochta/

Do bhí an comórtas áitiúl ar siúl inné idir 10r.n. agus a 3i.n. ins an Ostán Clayton agus bhí an moltóireacht ar siúl idir a 10.30r.n. agus 12.30r.n.

Labhair Matthew Talbot, an Bainisteoir Airgeadas faoin próiséis ar fad a bhí le déanamh acu i rith am an moltóireacht.

“Bhí trí moltóir ann, Michael Dyer, Niamh Costello agus Basil Fenton. Bhí orainn agallamh thart ar 5 nóiméad a dhéanamh leis an triúir acu. Chuireamar ar fad iarracht mór isteach ann agus bhí an caighdéan le feiceál ar an lá.”

“Bhí duais €250 ann agus beidh muid ag déanamh ionadaíocht do Gaillimh i bPáirc an Chrócaigh don chomórtas náisiúnta ar an tarna lá de Mí an Bhealtaine. Tá súil againn go mbeidh an bua ag Gaillimh arís i bPáirc an Chrócaigh!”

Leis an stríoc buachana atá ag daltaí Coláiste na Coiribe faoi láthair leis an aip Citysmarts Galway Edition tá siad ag tnúth go mór leis an chomórtas san Ard Cathair agus an féidearthacht láidir go mbeidh an bua acu.