Bus Rothaíochta na Gaillimhe – Tionscnamh Pobail

0
819
Bus Rothaíochta na Gaillimhe físeán - Galway Daily

Beidh Bus Rothaíochta na Gaillimhe á sheoladh go hoifigiúl maidin amárach théis í a bheith curtha ar ceal de bharr Stoirm Ali.

Bhí Bus Rothaíochta na Gaillimhe le bheith seolta an tseachtain seo chaite ach de bharr an foláireamh aimsire stádas oráiste do ghaoth a bhí eisithe ag Met Éireann le haghaidh Dé Céadaoin chuireadh an seoladh ar ceal.

Is amárach anois a bheas tús á chur leis an Bus Rothaíochta na Gaillimhe, feachtas pobail atá ann leis an aidhm chun daltaí a spreagadh chun rothaíocht chuig an scoil agus ar ais ón scoil go sábháilte.

“Tógfaidh ár bpríombhealach páistí ó Pháirc na Ceapaí go Gaelscoil Mhic Amhlaigh agus Scoil Náisiúnta Cnoc na Cathrach gach lá le linn théarma na scoile ar Bóthar Dáileacháin an Iarthair, Cnoc na Cathrach.

“Beimid ag úsáid meascáin do cosáin, rotharbhealaí agus trasrian coisithe chun a bheith cinnte go mbeadh an bealach is sábháilte agus is oiriúnaí a thógaint againn chun na scoileanna.

“Beidh an Bus Rothaíochta á maoirsiú go laethúil ag saorálaithe grinnfhiosraithe i dteannta tuismitheoirí a bheadh ag iarraidh tacú linn.”

Is féidir do pháiste féin a chlárú trí an foirm a íoslódáíl anseo, nó foirm a phiocadh suas ar an mbealach nó sa scoil.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoin mbus rothaíochta seo trí an leathanach FacebookTwitter a leanúint.