Stoirm Ali le buaileadh Cósta an Iarthar agus foláireamh Oráiste do Gaillimh

0
818
galway daily news Storm Deirdre weather warning downgraded for Galway

Tá foláireamh aimsire stádas oráiste do ghaoth eisithe ag Met Éireann inniu do Chontae na Gaillimhe, agus Stoirm Ali ag gluaiseacht isteach ón Atlantach.

B’í Ali an chéad stoirm ainmnithe an séasúr seo agus í tuartha le buaileadh Éireann maidin amárach le gustaí suas go 120km/h.

Tá an foláireamh aimsire stádas oráiste do ghaoth eisithe ag Met Éireann do Chúige Connacht ar fad, mar aon le Baile Átha Cliath, An Cábhán, Muineachán, Dún na nGall, Cill Dara, Longfort, Lú, Uíbh Fháillí, An Iarmhí, An Mhí, An Clár agus Ciarraí.

Beidh Stoirm Ali ag gluaiseacht gar do chósta an iarthair agus an iarthuaisceart go moch maidin Dé Céadaoin. Beidh gaoth aneas agus aniar aneas ann, a chasfaidh i dtreo an iarthair agus déanfaidh luas na gaoithe ardúgo idir 65 agus 80km in aghaidh na huaire ar an meán  le gustaí de 110-120km in aghaidh na huaire ar feadh tréimhse ama.

Beidh an chuid is láidre den ghaoth le hais na gCóstaí Atlantach ar dtús agus bogfaidh sí i dtreo an oirthir le linn na maidine.

Beidh an foláireamh aimsire seo i bhfeidhm ó 05:00 Dé Céadaoin 19 Meán Fómhair go dtí 13:00 Dé Céadaoin 19 Meán Fómhair.

Beidh an dá carrchlós i Bóthar na Trá á dhúnadh um tráthnóna, Dé Máirt mar réamhchúram.