Údarás na Gaeltachta le Plean Forbartha a chur le chéile do cheantar Iorras Aithneach

0
874
Plean Forbartha - Iorras Aithneach

Tá Coiste Jabanna do cheantar Iorras Aithneach fíor shásta go bhfuil Údarás na Gaeltachta chun Plean Forbartha a chur le chéile don cheantar.

Tháinig Coiste Jabanna do Cheantar Iorras Aithneach le chéile chun iarracht a dhéanamh an cheantar a shábháil de bharr an líon ollmhór daoine atá ag fágaint na háite mar nach bhfuil postanna le fáil. Dúirt Colm ó Neasa aréir go rabhadar sásta go bhfuil Údarás na Gaeltachta chun plean forbartha a chur le chéile don cheantar.

“Tá Coiste Jabanna do cheantar Iorras Aithneach an-sásta go bhfuil Údarás na Gaeltachta sásta Plean Forbartha a chur le chéile don cheantar.

“Tá sí ríthábhachtach plean a ullmhú don áit chun todhchaí na háite a shlánú.

“Molann muid go hard Údarás na Gaeltachta agus na hiarrachtaí atá siad ag déanamh chun an áit a chur chun cinn.

“É sin ráite, is iontach an rud plean forbartha a bheith ar na bacáin ach caithfear déanamh cinnte anois go gcuirfear ag obair é.

“Tá súil againn go mbeidh ionchur ag an gcoiste sa bplean a chuirfear le chéile. Creideann muid go dteastaíonn tascfhórsa chun é seo a chur chun cinn agus bhí an tAire Seán Kyne agus comhairleoirí Contae ar aon intinn linn ar seo freisin nuair a bhuail muid leo go gairid.”