Tús a chur le Aisling? – Mórléiriú Bhliain na Gaeilge 2018 sa Town Hall Theatre

0
797
Tús á chur le Mórléiriú Bhliain na Gaeilge 2018 Aisling? - Galway Daily

Istoíche amárach an 31ú Lúnasa 2018 a chuirfear tús le Mórléiriú Bhliain na Gaeilge – Aisling?

Beidh Aisling? – mórléiriú stáitse gradamúil de shaothair nuachoimisiúnaithe ó scoth na n-ealaíontóirí Gaeltachta á léiriú ar fud na tíre an Fómhar seo mar bhuaic ar Bhliain na Gaeilge 2018 agus tús á chur le camchuairt náisiúnta sa Town Hall Theatre i nGaillimh istoíche amárach an Aoine 31ú Lúnasa 2018.

Beidh costas €15/€12.50 ar na ticéidí agus ní bheidh briseadh ar bith á thógaint. Leanfaidh an mórléiriú ar aghaidh ar feadh 80 nóiméad.

Léirithe agus stiúrtha ag an drámadóir aitheanta Darach Mac Con Iomaire, tugann Aisling? an pobal ar thuras machnamhach ealaíne chun scéal na nGael agus na Gaeltachta a chíoradh go taibhsiúil le ceol, filíocht, damhsa agus na fís-ealaíona.

Curtha i láthair ag Ealaín na Gaeltachta, is léiriú eisiach é Aisling? de shaothair nua-chumtha de chuid mór-ealaíontóirí comhaimseartha na Gaeltachta – idir cheoltóirí, filí, scríbhneoirí, dearc-ealaíontóirí agus cumadóirí, ina measc:

Máiréad Ní Mhaonaigh, Dún na nGall, Amhránaí/Fidil.

Seán Ó Flaithearta, Inis Mór, Amharc-ealaíontóir/Dearthóir

Pól Ó Ceannabháin, Conamara, Amhránaí/Cnaguirlisí

Méabh Ní Bheaglaoich, Corca Dhuibhne, Mileoidean/Amhránaí

Ciarán Ó Maonaigh, Dún na nGall, Fidil/Taibheoir

Johnny Óg Connolly, Conamara, Mileoidean/Cumadóir

Caoimhín Ó Fearghail, An Rinn, Píobaire/Fliúiteadóir/Basúcaí

Eoghan Mac Giolla Bhríde, Dún na nGall, Scríbhneoir/Taibheoir

Róisín Seoighe, Conamara, Amhránaí/Damhsóir

Sorcha Ní Chéide, Conamara, Aisteoir/Damhsóir

Eoin Geoghegan, Conamara, Aisteoir/Taibheoir.

Tá níos mó i gceist le Aisling? ná oíche cheoil agus ealaíne áfach – spreagann agus dúisíonn sé spiorad pobail i ngach lucht féachana a fheiceann é trí bheith mar nasc cruthaitheach chuig an ionracas ealaíonta a thug inspioráid do cheannairí físeacha 1916.

Mór-thaispeántas cultúrtha é Aisling? a fhanann glan d’aon turas ar ghnáth-leagan amach ceolchoirme stáitse.

Ina áit seo, tugann Aisling? cuireadh do phobail na hÉireann nascadh in athuair lena ndúchas, lena n-oidhreacht agus lena bhfuil in ann dúinn mar phobail, le scoth an cheoil agus na healaíne nua-chumtha ó scoth na n-ealaíontóirí Gaeltachta.

Tapaigh an deis – ceannaigh do thicéad anois mar beidh tóir orthu…

Mórléiriú Aisling? ar siúl sa Town Hall Theatre, istoíche amárach an 31ú Lúnasa agus an Satharn 1ú Meán Fomhair ag a 8i.n.