Litir Seolta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta-Conamara maidir le dúnadh An Ghaelacadaimh

0
922
Síneadh ama á thabhairt ag an Roinn - Galway Daily

Maidin inné Dé Chéadaoin an 29ú Lúnasa sheol Tuismitheoirí na Gaeltachta-Conamara litir maidir le dúnadh An Ghaelacadaimh.

Sheol Tuismitheoirí na Gaeltachta-Conamara litir chuig Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh faoi dhúnadh an Ghaelacadaimh agus easpa ranganna dá bharr.

Dé hAoine seo caite, an 24ú Lúnasa, d’fhógair bord stiúrtha an Ghaelacadaimh go mbeadh orthu an gcomhlacht a scor mar gheall nach mbeadh aon mhaoiniú Stáit le cur ar fáil dóibh a thuilleadh.

Is Eagraíocht seirbhísí cultúir é an Ghaelacadaimh agus bhíodar ag cur seirbhísí múinteoireachta ceoil, amhránaíochta, Gaeilge agus a thuilleadh seirbhísí eile ar fáil i nGaeltacht Chonamara agus in Árainn.

Seo mar a bhí sa litir a sheol Tuismitheoirí na Gaeltachta-Conamara chuig Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh.

“Is cúis mhór díomá agus imní dúinn scor an chomhlachta An Gaelacadamh agus deireadh dá réir leis na ranganna sna healaíona dúchasacha Gaelacha a bhí á gcur ar fáil acu sa gceantar Gaeltachta is mó sa tír.

“Tá teagmháil déanta againn leis an Roinn agus iarrachtaí déanta teagmháil a dhéanamh le hEalaín na Gaeltachta agus ina dhiaidh sin Udarás na Gaeltachta agus níl muid in ann aon deimhniú a fháil go leanfar leis na ranganna ó Mheán Fomhair go Nollaig 2018. Tuigtear dúinn go mbeidh socruithe á ndéanamh ag Ealaín na Gaeltachta ina dhiadh sin.

“S’iad gasúir Chonamara agus Árann atá thíos leis seo. Dream iad nach bhfuil in ann cur ar a son féin i bpróiseas dá leithéid seo ach a bhfuil an Ghaeilge, An Ghaeltacht agus gach a bhfuil i straitéisí an rialtais ag brath orthu leis an teanga agus an dúchas a thabhairt slán. Tá siad fágtha ar an bhfaraor géar agus níl aon ghlacadh againne, mar thuismitheoirí leis seo.

“Níl aon spéis againn i leithscéalta a bhaineann le deacrachtaí maorlathais. Tá an chumhacht agatsa gníomh a dhéanamh agus tá muid ag achainí ort, socrú eatramhach a chur i bhfeidhm láithreach a chinnteoidh nach mbeidh aon bhriseadh sa soláthar ranganna.

“Iarrann muid ort aird a thabhairt ar an achainí seo agus freagra a thabhairt orainn a luaithe in Éirinn agus is féidir.”