TG4 ag rith leis na duaiseanna ag Féile na Meáin Cheilteach

0
786
Murdair Mhám Trasna - TG4
Maolra Seoige

Tá TG4 ag rith amach an doras le dhuaiseanna ag Féile na Méain Cheilteach atá ar siúl faoi láthair ins an Bhreatain Bheag.

Tráthnóna inniu bronnadh duais na staire ar TG4 don fadscannán drámaíochta/fáisnéise Murdair Mhám Trasna.

Scéal é Murdair Mhám Trasna a bhí á choimisiniú ag TG4 agus chomh-mhaoiniú ag an BAI faoi dúnmharú cúigear den teaghlach céanna i Mhám Trasna ar theorainn na Gaillimhe agus Mhaigh Eo in Iarthar na hÉireann sa bhliain 1882 .

De bharr na heactraí a tharla i dorchadas na hoíche, ciontaíodh agus croch trí fhear de bharr na dúnmharaithe sin, duine dóibh siúd ná Maolra Seoighe.

Riaradh an triail go hiomlán trí mhéan an Bhéarla, teanga nach raibh ag na fir a bhí cúisithe.

Ar an gCéadaoin an 4ú lá de Mí Aibreán, dhein an tUachtarán Michael D. Ó hUigín párdún iarbháis a bhronnadh ar Mhaolra Seoige, ó Tuaisceart Chonamara, a crocadh go héagórach 136 bliana ó shin.

Toradh iontach atá ann do TG4 agus iad ag rith leo leis na duaiseanna ag Féile na Méain Cheilteach. Aréir bhuadar dhá duais, cheann amháin don Béal Bocht agus duais eile don fad scannáin Rocky Ros Muc.

Amárach an lá dheireanach a bheas Féile na Méain Cheilteach ar siúl agus caithfidh go mbeadh TG4 ag súil le 3 as 3 a fháil agus dúis a bhuacaint ar an lá dheireanach.

Tréaslaímid anseo i Gaillimh go Laethúil (Galway Daily) leo as ucht an éacht atá bhainte amach acu cheanna féin thall sa Bhreatain Bheag agus b’fhéidir go mbeadh níos mó le céiliúradh acu fós.