Párdún iarbháis bronnta inniu ag an tUachtarán i gcás Mhám Trasna

0
840
Murdair Mhám Trasna - TG4
Maolra Seoige

Dhein an tUachtarán Michael D Ó hUigín párdún iarbháis a bhronnadh tráthnóna inniu i gcás Mhám Trasna, ar Mhaolra Seoige, ó Tuaisceart Chonamara, a crocadh go héagórach 136 bliana ó shin.

Shínigh an tUachtarán an barántas a fhuasclaíonn Maolra Seoige óna chiontú ag ocáid a bhí ar siúl in Áras an Uachtaráin um thráthnóna.

I Lúnasa 1882 a tharla na dúnmharaithe is measa sa 19ú céad áit ar dhéineadh ionsaí ar teaghlach ar fad ina dtigh féin. Maraíodh cúigear den seisear sa tigh an oíche san, do bhí an duine is óige 14 agus an duine is sine 80.

Bhí Maolra Seoighe ar dhuine de thriúir a ciontaíodh agus a crocadh de bharr na dúnmharaithe sin ach tráthnónna inniu faoi dheireadh tugadh faoiseamh dá chlann nuair a shín an tUachtarán an barántas.

 

Beidh Murdair Mhám Trasna scannán fáisnéise á thaispeánt anocht ar TG4 ag 21.30 agus beidh sé ar fáil ar fud an domhain ar an sheinnteoir TG4

Scéal é Murdair Mhám Trasna, fadscannán a bhí á choimisiniú ag TG4 agus chomh-mhaoiniú ag an BAI, faoi dúnmharú cúigear den teaghlach céanna i Mhám Trasna in Iarthar na hÉireann in 1882 agus an t-iomrall ceartais a lean de bharr fianaise bhréige agus breabaireachta, agus faoin mbaint a bhí ag an gcás le titim rialtas na Breataine ina dhiaidh sin.

Is cuideachta léiriúchán as Gaillimh, ROSG, a léirigh Murdair Mhám Trasna. Deir léiritheoir an scannáin, Ciarán Ó Cofaigh,

“Táimid thar a bheith sásta le cinneadh an Uachtaráin, ar chomhairle ón Rialtas, pardún a thabhairt sa chás seo. Bhíomar ag súil le linn na scannánaíochta go dtabharfaí pardún dó ach ní raibh súil ar bith againn go dtárlódh sé chomh sciobtha, sula raibh an clár féin craolta fiú.

Ní bheidh amhras ar dhuine ar bith a fhéachfaidh ar an scannán ach gurb é an ceart é an pardún a thabhairt sa chás seo. Molaimid an tUachtarán Ó hUigín dá dhílseacht féin do chearta bunúsacha daonna agus teanga.”

Is é Colm Bairéad a stiúir Murdair Mhám Trasna atá bunaithe ar an leabhair ‘Éagóir’, a scríobh an tIar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin.

21.30 anocht Dé Chéadaoin a bheidh Murdair Mhám Trasna ar siúl ar TG4.