Scéim Chónaitheach do Mhic Léinn le Gaeilge i Measc Bheartais Scéim Teanga Nua OÉ Gaillimh

0
842
Scéim Teanga Ollscoil na hÉireann Gaillimh - Galway Daily

Sheol Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh an triú Scéim Teanga do chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh, inniu Dé Céadaoin an 5ú Méan Fómhair. Beidh Scéim Chónaitheach do Mhic Léinn le Gaeilge i mBaile na Coiribe ar thalamh na hOllscoile i measc bhuaicphointí na Scéime.

Tá neart tionscnaimh agus scéimeanna nua luaite sa phlean chun úsáid na Gaeilge a mhéadú san Ollscoil. I measc na mbuaicphointí:

  • Tá Scéim Chónaitheach curtha ar bun ar bhonn piolótach ar champas ionas go mbeidh lóistín ar fáil do chainteoirí Gaeilge ar an gcampas in aon áras amháin.
  • Ceapfar Comhordaitheoir Stráitéiseach do ghníomhaíochtaí feasachta na Gaeilge ar champas agus fearainn oibre eile de chuid na hOllscoile. Oibreoidh an duine seo ar phlean cuimsitheach d’imeachtaí cultúrtha agus sóisialta a eagrú trí Ghaeilge.
  • Tá struchtúr nua curtha i bhfeidhm chun suíomh gréasáin na hOllscoile a chur ar fáil i nGaeilge agus cur le ábhar Gaeilge na suíomhe ag http://www.nuigalway.ie/gaeilgebheo/ agus leanfar ar aghaidh leis an obair seo a chur i gcrích.
  • Déanfar Plean Institiúideach Teanga a réiteach a dhéanfaidh comhaireamh ar líon na gcainteoirí Gaeilge agus a leibhéil inniúlachta i measc fhoireann na hOllscoile.
  • Bunófar Coiste Stiúrtha a bheas freagrach as an bplean institiúideach a phleanáil agus a fhaomhadh.

Is é cuspóir na Scéime ná freastal níos fearr agus níos leithne a dhéanamh ar phobal Gaeilge na hOllscoile. Seo í an tríú scéim teanga atá foilsithe ag an Ollscoil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus tá réimse leathan de spriocanna ann a chuirfidh go mór le beocht na teanga ar an gcampas. Déanfar na spriocanna seo a bhaint amach sa tréimhse 2018-2021.

Dúirt Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh:

“Tá an Ghaeilge, agus cur chun cinn na Gaeilge lárnach i saol agus saothar na hOllscoile. Is cúis áthais ar leith dom go bhfuil tús á chur in athuair le Scéim Chónaitheach Gaeilge. Cuireadh an chéad scéim dá leithéad ar bun i mBaile na Coiribe breis agus cúig bliana fichead ó shin, agus is ceart, sa chomhthéacs sin, fáilte a chur roimh ghlúin nua mic léinn a bheidh ag teacht le chéile i gcomhluadar na Gaeilge i mBaile na Coiribe.”

Tá an Scéim faomhaithe ag Príomh Aoire an Rialtais, an tAire Stáit sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta  Joe McHugh T.D. ó bhí mí Eanáir 2018 ann, agus an Scéim curtha faoi bhráid Údarás na hOllscoile ó shin i leith.