Cláracha ó sceideal Fómhair TG4 ba chóir súil a choimeád orthu.

0
955
Cláracha TG4 Fómhair - Galway Daily

Dhein TG4 seoladh oifigiúl ar sceideal Fómhair maidin inniu sa Tribeton.

Sa seoladh oifigiúl do sceideal TG4 a raibh ar siúl sa Tribeton bhí neart eolas tugtha maidir leis na cláracha uilig a bheas ar an scáileáin i rith an Fómhair.

Seo a leanas, 10 clár ba chóir daoibh súil a choimeád ar:

Hector – Ó Siberia go Saigon
Cuirfidh Hector Ó hEochagáin tús leis an eachtra is mó fós aige i gcroílár na Sibéire.

Underdogs
Théis 10 mbliana in easnamh ónár scáileán, agus an chlár féin a thug breith do réalt Ciarraí, Kieran Donaghy, tá an clár cáiliúl CLG thar nais agus Paul Galvin, Valerie Mulcahy & Ray Silke ina roghnóirí.

Finné
Scéalta na ndaoine a bhí i gceartlár scéalta móra Éireannacha le leathchéad bliain.

Gaeil UK
Léargas ar shaol na n-imirceach Éireannach sa lá atá inniu ann sna háiteanna ar shocraigh siad sa mBreatain.

Rugbaí PRO14 Guinness
Clúdach eisiach saor go haer ar chomórtas Rugbaí PRO14 Guinness 2018/19

Cluiche Ceannais Pheil na mBan Beo
Clúdach eisiach ar chraobhchomórtais Pheil na mBan Beo an 16 Meán Fómhair ar Pháirc an Crócaigh.

Oireachtas na Gaeilge
Craoladh beo ar feadh cheithre lá ar phríomhfhéile na nGael i gCill Áirne.

Samhain Live
Clár beo ceoil & siamsaíochta as cathair Dhoire Oíche Shamhna.

Tradfest
Scoth an cheoil thraidisiúnta ó fhéile ceoil Tradfest i mBaile Átha Cliath.

C.L.U.B.
Sraith nua ina dtabharfaidh daoine óga agus a gcuid réaltaí CLG ar cuairt muid chuig a gclub CLG féin.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil futhu seo agus cláir eile le TG4 anseo.