Sceideal Cláracha Fómhair 2018 seolta ag TG4 sa Tribeton inniu

0
978
Sceideal an Fómhair TG4 - Galway Daily

Sheol TG4 sceideal breá cláracha don Fhómhair atá amach romhainn sa Tribeton inniu.

Sheol TG4 an sceideal nua sa Tribeton maidin inniu an 5ú Méan Fhomhair agus is meascán de shean cláracha agus cinn nua a bheas ann do lucht féachana TG4 amach an seo.

Bhí réalta TG4 ar fad ar bís agus iad uilig gléasta go hálainn ar son an lá, cé ná raibh an aimsir iontach dóibh. Atmaisféar den scoth a bhí sa Tribeton agus chuile duine ag tnúth go mór leis an seoladh oifigiúl. Bhí an amhránaí ó Luimneach Jimmy Buckley breá sásta bheith ar an árdán ar san na chúise agus feictear níos mó dó san i rith na bhliana ar TG4.

B’iad Caitlín Nic Aoidh bean na haimsire agus Páidí Ó Líonárd eagarthóir Nuacht TG4 agus Láithreoir 7 Lá a bhí i mbun na dualgaisí tráchtáile inniu agus sár jab déanta acu beirt.

Réimse leathan clár siamsaíochta a bheidh le feicéail ar an stáisiún sa bhFómhair, Hector, Dáithí Ó Sé, Daniel O’ Donnell agus aíonna spéisiúla ó fad is a gcéin ina measc.

Tá na ‘Underdogs‘ ar ais théis briseadh deich mbliana agus na peileadóirí aitheanta Paul Galvin (Ciarraíoch) Valerie Mulcahy (Corcaíoch) agus Ray Silke (Gaillimheach) ag cur neart brú agus ag cothú coimhlint ghéar idir na hiomaitheoirí díograiseacha.

Tá buairt & briseadh croí sna cláir láidre faisnéise ‘Finné’ & ‘Tabú’, á gcur i láthair ag an iriseoir aitheanta Orla O’Donnell agus an réalta raidió Eoghan McDermott araon. Pléifidh na cláir le hábhar conspóideach a bhaineann le cearta a bheith á sárú agus mórcheisteanna i sochaí na linne.

Tá an clár seachtainiúil cúrsaí reatha ‘7 Lá’ agus an sár-shraith faisnéise ‘Fíorscéal’ ar ais freisin agus TG4 ag tosú le céad chraoladh scannán cumhachtach John & Gerry McColgan, ‘This is Palestine’ oíche Déardaoin an 6 Meán Fómhair.

Tá sraitheanna úrnua, spéisiúla freisin ag teacht suas maidir le stair, seanchas agus traidisiún an bhia in Éirinn – ‘Blasta’ agus bliain i saol na foirne in óstán clúiteach, tuaithe an ‘Shandon’ i dTír Chonaill.

Tugann sraitheanna ar nós ‘Bailte’‘Gaeil UK’‘Turas Bóthair’‘Beidh Aonach Amárach’ agus ‘Bádóirí’ léargas ar shaol na ngnáthdhaoine agus ar phobail faoi leith in Éirinn agus sa Bhreatain, ar bhealach cruthaitheach agus siamsúil.

Tá cúrsaí spóirt ag dul ó neart go neart ar TG4 agus iad ag teannadh le buaicphointe chraobhchomórtas Pheil na mBan idir Corcaigh & Áth Cliath. Craolfar clár nua beo ó Theach an Ardmhéara an oíche roimh an gcluiche mór an 15 Meán Fómhair ar a mbeidh neart ceoil, réaltaí spóirt agus mná cumasacha i lár an aonaigh.

Beidh a mhacasamhail de shraith ag TG4 ó thaobh pearsana móra an cheoil chomh maith is Frankie Gavin, Alec Finn, Arty McGlynn & Sarah Ghriallais faoi chaibidil sa tsraith faisnéise ceoil, ‘Sé Mo Laoch’.

Agus mar is dual do TG4, beidh scoth an cheoil againn arís sna cláir ‘Gradaim Cheoil TG4’‘Tradfest’‘Lurgan 2K18’‘Junior Eurovision’. Agus togha an cheoil tíre in ‘Opry le Daniel’‘Glór Tíre’ agus ó na ‘Irish Post Country Music Awards’, a bheidh ag teacht beo ó Fhóram na Mílaoise i nDoire, an 11 Meán Fómhair.

Tá béim faoi leith á cur ag TG4 ar chraoladh beo le roinnt blianta agus tá sin le sonrú sa sceideal nua, ina bhfuil cláir faoi leith ar nós ‘Samhain Live’‘Fáilte 2019’ oíche chinn bliana, ‘Gradaim an Irish Post’ as Londain,  gan trácht ar an gclúdach cuimsitheach ó Oireachtas na Samhna sna cláir ‘Steip’‘Lárstáitse’‘Nuacht TG4’ agus go leor eile, ar ardáin éagsúla TG4.

Beidh na cláir ar fad is ansa leis an aos óg ar ais ar Cúla 4, ar nós ‘Whiz sa Chistin’‘Dónal Dána’‘Spongebob’ agus ‘Masha’, mar aon leis na sraitheanna nua ‘Ár Scéal’, ina dtabharfaidh daltaí ó 52 scoil léargas ealaíonta ar scéalta nuascríofa agus ‘CLUB’, ina dtabharfaidh daoine óga ar thuras muid chuig a gclub CLG, i gcomhluadar pearsana aitheanta spóirt.

Má chuirtear leis sin ar fad an clúdach cuimsitheach ó Nuacht TG4,  sraith spleodrach eile de ‘Ros na Rún’ agus drámaí láidre ar nós ‘Un Bore Mercher/Keeping the Faith’‘The West Wing’, scannáin aitheanta agus neart eile, níl aon amhras ach go mbeidh scoth an ábhair ar fáil ar TG4 do chách ar fud na cruinne an fómhar seo.

Tá béim faoi leith á cur ag TG4 ar chraoladh beo le roinnt blianta agus tá sin le sonrú sa sceideal nua, ina bhfuil cláir faoi leith ar nós ‘Samhain Live’‘Fáilte 2019’ oíche chinn bliana, ‘Gradaim an Irish Post’ as Londain,  gan trácht ar an gclúdach cuimsitheach ó Oireachtas na Samhna sna cláir ‘Steip’‘Lárstáitse’‘Nuacht TG4’ agus go leor eile, ar ardáin éagsúla TG4.

Beidh na cláir ar fad is ansa leis an aos óg ar ais ar Cúla 4, ar nós ‘Whiz sa Chistin’‘Dónal Dána’‘Spongebob’ agus ‘Masha’, mar aon leis na sraitheanna nua ‘Ár Scéal’, ina dtabharfaidh daltaí ó 52 scoil léargas ealaíonta ar scéalta nuascríofa agus ‘CLUB’, ina dtabharfaidh daoine óga ar thuras muid chuig a gclub CLG, i gcomhluadar pearsana aitheanta spóirt.

Deir Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont agus é ag fógairt sceideal nua fómhair an stáisiún:

“Aithníonn an pobal iad féin i gcláir TG4. Cláir iad a bhaineann leosan atá bunaithe orthusan. Tuigeann siad go ndéanann TG4 iarracht mór an réimse is leithne clár is féidir, ar an gcaighdeán is airde, a chur ar fáil don phobal sa mbaile agus i gcéin agus sin á dhéanamh trí ‘Súil Eile’ TG4.”

“Is údar bróid dúinn i mbliana na cláir bhreátha siamsaíochta agus na sraitheanna faisnéise cumhachtacha atá againn. Tá muid ag cur lenár soláthar ar na hardáin dhigiteacha an t-am ar fad agus fáil ag daoine ar ábhar TG4 ar fud na cruinne thríd an seinnteoir ag TG4.ie nó thríd an Aip atá ar fáil mar leagan IOS, Android nó SmartTV.  Tá súil againn go mbainfidh níos mó daoine ná riamh sult as na cláir nua seo ar fad sna míonna atá romhainn”.