Rós na Gaillimhe ar an mbóthar go Féile Idirnáisiúnta Rós Trá Lí

0
748
Sár agallamh tugtha ag Rós na Gaillimhe ag Féile Idirnáisiúnta Trá Lí - Galway Daily

Ní fada uainn anois an Féile Idirnáisiúnta Rós Trá Lí a bheas ag tosnú Dé hAoine an 17ú Lúnasa agus a bheas ag leanúint ar aghaidh go dtí Dé Máirt an 21ú Lúnasa.

Is í Deirdre Ní Shúilleabháin (Deirdre O’ Sullivan) atá ag imeacht ar an mbóthar go Trá Lí mar Rós na Gaillimhe i mbliana.

Rognhnaíodh Deirdre Ní Shúilleabháin (24) arb as Cor an Dola di mar Rós na Gaillimhe ar an 19ú Bealtaine agus ar an oíche sin b’iad Croí, (catharnacht atá bunaithe anseo sa Gaillimh ag obair chun galair croí agus stróc a cosc) a bhí ag tabhairt urraíochta di.

Chaith Deirdre a chuid samhraidh ar fad nuair a raibh sí óg i dTrá Lí mar do bhíodh a sheantuismitheoirí ag maireachtaint ar Shráid Deiní agus bhraith sí i gconaí go raibh an Féile mar bhuaicphointe.

Cheana féin i mbliana tá mórchuid déanta ag Deirdre mar rós na Gaillimhe, chaith sí coicís i Ghana ag obair go deonach agus d’fhreastal sí ar mórchuid d’imeachtaí a bhí ar siúl mór thimpeall na Gaillimhe.

D’fhreastal sí ar Féile Rasaí na Gaillimhe an tseachtain seo chaite agus tháinig mórchuid do na rósanna eile go dtí na Rásaí ar Lá na mBan. Anois tá sí ag tnúth go mór lena n-aistear go Trá Lí.

Beidh ana chuid tacaíochta aici agus í ar an mbóthar síos go Trá Lí agus í ann freisin. Beidh na buachaillí atá ar foireann fé 13 ó Cathair Loistreáin ag taisteal síos go Trá Lí ar an 18ú Lúnasa agus iad san iomaíocht ins an blitzchomórtas atá eagraithe ag Féile Idirnásiúnta Rós Trá Lí.

Is ar an Luain an 20ú agus an Máirt an 21ú a bheas sibh in ann féachaint ar na Rósanna ar an teilifís.

Súil againn go mbainfidh Deirdre sult as an aistear agus gach aon ní ar an turas ó anois go críoch. Ádh mór leat a Dheirdre.