Plean Gníomhaíochta Forbartha 5 Bliana do Cheantar Iorras Aithneach

0
1510
Plean Gníomhaíochta Forbartha ag Údarás na Gaeltachta do Iorras Aithneach- Galway Daily

Fé láthair tá Údarás na Gaeltachta ag ullmhú Plean Gníomhaíochta Forbartha 5 bliana do Cheantar Iorras Aithneach.

Beidh an plean seo ag clúdú forbartha na réimsí seo a leanas: Fiontar, Acmhainní Mara, Turasóireacht, Acmhainní Chultúrtha, Oideachais/Oiliúnt, Seirbhísí agus eile.

Is ar bhonn páirtnéireachta atá an plean á chur le chéile ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le coistí áitiúla, an pobal, eagrais stáit, institiúidí oideachais/oiliúna agus eile.

D’eagraigh Coiste Jabanna do Iorras Aithneach oíche oscailte Dé Chéadaoin seo chaite an 27ú Meitheamh chun smaointí a fháil ón bpobal maidir leis an bPlean Forbartha atá Údarás na Gaeltachta ag ullmhú don cheantar.

Dúirt Udarás na Gaeltacht go bhfuil sé riachtanach moltaí agus tuairimí an phobail a fháil i rith tréimhse réitithe an phlean. Tá Gearóid De Faoite ceaptha ag Údarás na Gaeltachta mar áisitheoir chun dréacht phlean a tharraingt le chéile le cur faoi bhráid na heagraíochta.

Is é 4i.n., Dé hAoine 13 Iúil 2018 an spriochdháta d’aighneachtaí,  moltaí nó tuairimí maidir le Plean Gníomhaíochta Forbartha Chonamara Láir agus is féidir iad a sheoladh go díreach chuig carnaciarain@gmail.com