Oíche Oscailte á eagrú ag Coiste Jabanna do Iorrais Aithneach

0
962
Mná an Atlantaigh agus an Imirce - Galway Daily

Tá Coiste Jabanna do Iorrais Aithneach ag eagrú oíche oscailte chun smaointe a fháil ón bPobal maidir leis an bPlean Forbartha atá Údarás na Gaeltachta ag ullmhú don cheantar.

Beidh sé ar siúl Dé Céadaoin an 27ú Meitheamh i Halla Pobail Cill Chiaráin ón 7-8in.

Chuir an coiste Jabanna do Iorras Aithneach ráiteas amach níos luaithe inniu agus iad ag tabhairt cuireadh don phobal áitiúl teacht chuig cruinniú agus iad ag fáiltiú roimh tuairimí an phobal maidir leis an Plean Forbartha atá Udarás na Gaeltachta ag ullmhú don cheantar.

“Tá do thuairim an-tábhachtach agus ba mhaith linn ionchur an phobail a fháil le dul isteach sa bplean. Ná fan ciún!

“Muna bhfuil tú in ann a bheith linn tráthnóna Dé Céadaoin, ná bíodh aon drogall ort teachtaireacht a chur chughainn ar ríomhphost ar jobsforcarna@gmail.com, ar twitter nó ar ár leathanach Facebook.

“Seo do sheans le do chuid tuairimí a nochtadh,” a críoch Coiste Jabanna do Iorras Aithneach.

Le déanaí tá mór chuid do fadhbanna san áit maidir le fostaíochta, eacnamaíocht, dífhostaíocht, daoine óga ag imeacht ón áit agus mar sin tá sé fíor thábhactach go mbíonn chuile duine i láthair agus iad ag tabhairt aiseolais agus a gcuid tuairimí maidir leis an Plean Forbartha.

Ná déan dearmad beidh an oíche oscailte ar siúl Dé Céadaoin an 27ú Meitheamh i Halla Pobail Cill Chiaráin ón 7-8in.