Bhí Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe an triú ospidéal is measa do daoine ag fanacht ar leapacha i Mí Méan Fómhair.
Tuairiscítear inniu gurb í Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe an triú ospidéal is measa in Éireann i Mí Méan Fómhair le 609 duine ag fanacht ar leapacha.
Tán figiúr sin théis titim beagáinín ó Mí Lúnasa áit a raibh 619 othar ag fanacht ar leapacha, ach sí an Gaillimh fós an triú ospidéal is measa sa tír agus mórchuid do dhaoine gan leapacha.
Thaispeán an anailís míosúil a bhíonn ag an INMO go raibh ar 7,765 othar fanacht ar cathaoireacha nó tralaithe i Mí Meán Fómhair mórthimpeall na tíre.
B’é Ospidéal Choláiste na hOllscoile, Luimneach a raibh an méid is mó fadhbanna róphlódú le 894 othar ag fanacht ar leaba agus bhí 781 othar ag fanacht ar leaba in Ospidéal Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.