Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe an triú ospidéal is measa i Mí Méan Fómhair

0
766

Bhí Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe an triú ospidéal is measa do daoine ag fanacht ar leapacha i Mí Méan Fómhair.

Tuairiscítear inniu gurb í Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe an triú ospidéal is measa in Éireann i Mí Méan Fómhair le 609 duine ag fanacht ar leapacha.

Tán figiúr sin théis titim beagáinín ó Mí Lúnasa áit a raibh 619 othar ag fanacht ar leapacha, ach sí an Gaillimh fós an triú ospidéal is measa sa tír agus mórchuid do dhaoine gan leapacha.

Thaispeán an anailís míosúil a bhíonn ag an INMO go raibh ar 7,765 othar fanacht ar cathaoireacha nó tralaithe i Mí Meán Fómhair mórthimpeall na tíre.

B’é Ospidéal Choláiste na hOllscoile, Luimneach a raibh an méid is mó fadhbanna róphlódú le 894 othar ag fanacht ar leaba agus bhí 781 othar ag fanacht ar leaba in Ospidéal Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.