Craic, Ceol agus Greann – Oíche Oscailte Seán Keane sa Taibhdhearc Aréir

0
1046
oíche oscailte

Bhí Oíche Oscailte Seán Keane ag An Taibhdhearc lán do craic, ceol agus greann aréir.

Aréir, Dé Luan an 21ú lá de Mí na Bealtaine, bhí oíche oscailte Seán Keane ag An Taibhdhearc áit ar thug sé seó iontach mhaith don slua measartha beag a bhí i láthair le cabhair ós na ceoltóirí a bhí in éineacht leis.

In aice Seán Keane ar an oíche sheas an fear ó Chonamara, Pat Coyne, fear ó Béal Feirste, Fergus Feely agus na beirt leaids ó Béal Easa, Co Maigh Eo, David Doocey agus Stephen Doherty.

Tá gaol ann idir an amhránaí cáiliúl Dolores Keane agus Seán Keane, mar gurb í an amhránaí cailiúil agus mór le rá deirfiúir le Seán.

Ar an oíche bhí sé éasca le feisicnt go raibh sean cleachta ag na ceoltóirí ar fad a bheith ag seinnt le chéile mar go rabhadar ag magadh agus ag pleidhcíocht eatarthu féin ar an stáitse.

Is léir go raibh ceimic mhaith eatarthu agus chuir sin leis an oíche chomh maith.

Bhí Seán ag fulaingt le ionfhabhtú cliabhraigh ach níor stop sé an canadh nó an seinnt. É sin ráite thug sé deis don beirt a bhí taobh leis, Pat Coyne agus Fergus Feely, amhráin a chanadh freisin.

Gan dabht bhí sé deas, an beirt fhear a cloisint leo féin, ach bhí chuile duine sásta nuair a tháinig Seán thar n-ais ar stáitse.

Las sé An Taibhdhearc suas lena caint, a chraic, agus an ghreann a bhí aige. Is léir go raibh sé ag baint taithneamh as an oíche agus bhí an cuma ann gur bhain an slua ana shásamh as an oíche oscailte freisin.

Beidh Seán thar nais ins An Taibhdhearc chuile Dé Luan ar feadh 9 seachtainí eile.

Mar seo a leanas, is iad seo na dátaí a bheas Seán thar nais sa Taibhdhearc:

Bealtaine 28ú
Meitheamh 4ú, 11ú, 18ú, 25ú,
Lúnasa 6ú, 13ú, 20ú, 27ú. Tá costas €25 ar na ticéid ach is féidir luach níos íseala a fháil do grúpaí le 10+

Is féidir tuilleadh eolas a fháil trí ríomhphoist a chur chuig An Taibhdhearc ag: eolas@antaibhdhearc.com

Tá na ticéidí ar fáil ó Box Office An Taibhdhearc ar 091-562024 nó ar líne anseo