Oíche á eagrú ag Rós na Gaillimhe chun airgead a bhailiú don turas go Chernobyl

0
856
Sár agallamh tugtha ag Rós na Gaillimhe ag Féile Idirnáisiúnta Trá Lí - Galway Daily

Cé go bhfuil an Samhraidh imithe léi agus anois tá an Gheimhridh linn; níl faic athraithe do Rós na Gaillimhe.

B’í Deirdre Ní Shúilleabháin (24) arb as Cor an Dola di a thug aghaidh ar an mbóthar go Trá Lí mar Rós an Gaillimhe i mí Lúnasa agus cé gur tháinig an Féile Idirnáisiúnta Trá Lí chun críche théis an dá oíche a bhí beo ar an teilifís, níl Deirdre críochnaithe go fóill mar Rós na Gaillimhe.

Deir sí go raibh seachtain den scoth aici thíos i dTrá Lí ach go bhfuil tuilleadh eachtraíochtaí eile ar bun aici mar Rós na Gaillimhe, san áireamh beidh turas aici go dtí An Bhealarúis le Adi Roche’s Chernobyl Children International.

Le blianta beaga anuas, tá Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí théis tionchar dochreidte a bheith acu ar shaol na n-íospartach ar thragóid núicléach Chernobyl.

Tá grúpa de thart ar 21 Rós agus 3 coimhdire roghnaithe chun taisteal go dtí An Bhealarúis ar an Satharn an 16ú Feabhra 2019. Beidh an grúpa ag fanacht ins an Tearmann/Dílleachta Meabhrach do Gasúir i Vesnova fad is a bheidh siad ann.

Beidh an ghrúpa ag tabahairt aire do 170 leanaí ó 4-18 bliana d’aois agus chuid dos na leanaí níos sine atá ag obair ann. Cosúil lena n-aoiseanna tá réimse leathan fadhbanna leighis acu ó míchumas tromchúiseacha agus saincheisteanna meabhracha, go héifeachtaí meabhracha séimh gan aon fadhbanna fisiceach.

De bharr go mbíonn an oiread sin ullmhúcháin agus tiomsaithe airgid i gceist le turas mar seo tá Deirdre Ní Shúilleabháin ag eagrú oíche i Regan’s of Clonboo ar an 24ú Samhain.

Beidh raifle ar siúl ar an oíche freisin agus is féidir na ticéidí a cheannach don raifle an tseachtain roimh ré.

Tá Deirdre ag súil le slua mhaith a fhesicint ar an oíche agus más mian libh cabhair a thabhairt di airgid a bhailiú don turas a bheidh á dhéanamh aici i Mí Feabhra 2019, ní gá daoibh ach dul go dtí an leathanach GoFundMe atá aici.

Is féidir an eolas ar fad maidir leis an oíche a bheas ar siúl i Regan’s of Clonboo ar an 24ú Samhain le fáil anseo mar aon le liosta do na gnónna ar fad atá théis duaiseanna a urrú don raifil a fháil anseo.