Tomás Ó Neachtain Ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach OÉ Gaillimh

0
684

Dhein Ionad an Léinn Éireannaigh, OÉ Gaillimh, fógairt inné, gurb é Tomás Ó Neachtain atá ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis i mbliana.

Rugadh agus tógadh Tomás i gCoilleadh, sa Spidéal agus chaith sé blúire beag ama i Sasana mar fhear óg, ach is sa Choilleach a thóg sé féin is a bhean chéile Nancy a gclann: Tomás, Eoghan, Máire, Seán agus Seosamh an rinceoir.

Bhí an teach inar tógadh Tomás lán d’amhránaíocht agus thug sé leis go leor amhrán óna athair, Tomás, a shealbhaigh an traidisiún áirithe sin óna athair féin.

Tá cúigear deirfiúr ag Tomás ach, is eisean an t-aon duine amháin den gclann a chuaigh leis na hamhráin.

Dar ndóigh, ceapadh a mhac Seosamh mar Rinceoir Cónaitheach Sean-nóis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 2009, an chéad duine riamh ar bronnadh an gradam sin air.

Nuair a chasann Tomás amhrán, cloistear guth ard binn glan agus stíl a athar ann.

Is breá le Tomás na hamhráin throma a chanadh: ‘An Droighneán Donn’, ‘Tomás Bán Mac Aogáin’ agus ‘An Chaora Ghlas,’ amhráin a tháinig anuas ó ghlúin go glúin ag muintir Neachtain.

Tugann Tomás ceardlann ó am go ham, agus bhuaigh sé Corn Uí Riada dhá uair, i 1980 agus 1981.

Beidh sreaith ceardlanna á múineadh ag Tomás san Ollscoil sa bhFómhar agus arís san Earrach.

Freisin, beidh a chuid amhrán á dtaifeadadh aige don gcartlann sean-nóis  atá á bailiú ag Ionad an Léinn Éireannaigh.