Leathanach GoFundMe bunaithe ar son Ionad Pobail d’Inis Meáin

0
1423
Inis Meáin - Galway Daily

Tá leathanach GoFundMe bunaithe ar son Ionad Pobail d’Inis Meáin.

Bunaíodh Comhlacht Forbartha Inis Meáin ag deireadh 2016 mar eagraíocht carthanachta chun an t-oileán a chur chun cinn, chun seirbhísí a chinntiú, chun an teanga a chaomhnú, chun maoiniú a mhealladh agus chun saol níos fearr a bhaint amach do mhuintir an oileáin.

“Faoi láthair, táimid ag obair gan ionad, gan oifig.

“Le deireanas, táimid tar éis an seanionad tumadóireachta a thógáil ar láimh agus táimid chun sin a athchóiriú. Tá plean againn oifigí CFIM a chur ann. Bheadh oifig fáilte ann, seomraí cruinnithe, seomraí ranga, deascanna te le leathanbhanda scioptha agus spás oscailte le haghaidh teaspántas do chultúr & stair an oileáin.

“Tá Roinn na Gaeltachta tar éis athchóiriú an fhoirgnimh seo a chur isteach sa bPlean Forbartha Náisiúnta agus tá súil againn go dtosnófar ar an obair níos déanaí i mbliana nó go luath in 2019.

“Agus daonra 160 ar an oileán, ní bheidh sé éasca cistí dílse 20% de €300,000 a ardú chun an foirgneamh a chur faoi lán seoil arís.”

Beifear fíorbhuíoch do chuile dhuine atá sásta cabhrú leis an feachtas seo agus más mian leat deontas a thabhairt is féidir é a dhéanamh tríd an leathanach GoFundMe anseo.