Lá Taighde in oifigí Gaeilge Locha Riach

0
1126

Beidh Lá Taighde á reachtáil in oifigí Gaeilge Locha Riach, amárach an 5ú lá de Mí an Mhárta.

‘Sé atá i gceist leis an Lá Taighde seo ná go mbeidís ag bailiú eolas i measc daltaí meanscoile an cheantair mar aon le smaointí ó dhaoine go dteastaíonn uathu a gcuid tuairimí faoi bhealaí le saol na Gaeilge a láidriú sa bhaile.

Bunaíodh Gaeilge Locha Riach sa bhliain 1999 agus aontaíodh plean gnímh dúshlánach don chéad cúpla bliain eile, le dóchas go mbunófaí Gaelscoil, naíonra agus seirbhísí Gaeilge eile don cheantar.

Osclaíodh Gaeilscoil Riabhach i 2000 agus an naíonra an bhliain céanna agus is cúis áthais go bhfuil an dhá thionscnamh sin lonnaithe anois (ó dheireadh 2017) i bhfoirgneamh buan le fás bliaintúil ar líon na ndaltaí ag freastal ar an scoil.

Sa bhliain 2016 d’fhógair an rialtas go mbeadh cúig Líonraí Gaeilge bunaithe i mbailte lasmuigh den Gaeltacht. Tugadh cuireadh do ghrúpaí Gaeilge iarratas a dhéanamh leis an stádas sin ‘Líonra’ a bhaint amach agus thug an grúpa Gaeilge Locha Riach faoi iarratas a dhéanamh.

I 2017 ainmníodh an cúig bhaile Líonra: Inis, Co an Chláir; Cluain Dolcáin, Co Átha Cliath; Carn Tóchair, Co Doire; Béal Feirste, Co Aontraim agus Baile Locha Riach, Co na Gaillimhe.

Seoladh na Líonraí faoin bhranda ‘Gaeilge le Chéile’ ag imeacht i bPáirc an Chrócaigh ar an 22ú lá de Mí na Feabhra 2018.

“Tá coiste deonach Gaeilge Locha Riach ar bís a bheith roghnaithe mar ceann does na cúig áiteanna ‘Líonra’ lasmuigh don Gaeltacht atá sainorduithe ag Foras na Gaeilge chun plean teanga atá bunaithe ar na riachtannaisí Baile Locha Riach agus a chuireann le chéile aidhmeanna réalach le haghaidh an teanga a chuir chun tosaigh san áit thar 5-7 bliana.”

An chéad phost a bhí ag an coiste ná meoin an phobal Baile Locha Riach a bhailiú agus cheana féin tá thart ar 250 freagar faighte ag Gaeilge Locha Riach don suirbhé ar líne https://www.surveymonkey.com/r/LochaRiach.

Beidh Pól Mag Lionáin, an oifigeach óige, ag láimhséail grúpaí fócais i rith na tseachtaine leis na daoine óga i Coláiste an Eachréidh, St.Bridgids College agus St. Raphael’s College bunaithe ar an suirbhé sin.

Is féidir le muintir an phobal dul i dteagmháil le Gaeilge Locha Riach, ar Facebook nó ar Twitter nó ar an suíomh idirlín nua www.bailelochariach.ie