Lá Oscailte Ollscoil na hÉireann Gaillimh – 5ú/6ú Deireadh Fomhair

0
774
Galway Daily news International Criminal Court Chief Prosecutor

Tá Ollscoil na hÉireann Gaillimh théis an clár iomlán d’imeachtaí don Lá Oscailte ar an Aoine 5ú agus Satharn 6ú Deireadh Fomhair, 2018 a fhógairt.

Is deis iontach iad na laethanta oscailte do dhaltaí ionchasach, tuismitheoiri agus teaghlaigh chun iniúchadh a dhéanamh ar chúrsaí, áiseanna agus saol an gcoláiste in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Foghlaimeoidh na chuairteoirí ó taithí pearsanta na leachtóirí agus dháltaí faoin taithí foghlama atá ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus dóigheanna gairmiúla de chuile cheann do na chláracha céime.

Tá clár lán go barr d’imeachtaí, léachtaí samplacha agus máistir-ranganna eagraithe don lá, san áireamh beidh,:

  • Níos mó ná 80 seastán ag tabhairt eolas ar na chúrsaí, pointí CAO, infhostaitheacht, conair ghairme, cóiríocht agus táillí.
  • Níos mó ná 100 cainteanna chun fíorléargas a thabhairt do dhaltaí maidir le staidéar in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.
  • Seisiún idirghníomhach in Inealltóireacht, Teicneolaíocht Fáisnéise agus róbataic.

Beidh turasanna á chur ar fáil den gcampas, an choimpléasc spóirt agus cóiríocht mac léinn mar aon le turasanna agus cainteanna as Gaeilge.

Tá comhairle á thabhairt dos na tuismitheoirí am a fhágaint sa sceideal ionas go bhféadfaidís freastal ar an Chaint do Thuismitheoirí, deis ann dóibh cloisint faoi na Seirbhísí Tacaíochta uilig atá ar fáil san Ollscoil, ionas go bhféadfaidís a bheith cinnte go mbeidh tacaíocht iomlán á thabhairt dá mhic nó iníonacha ins an Ollscoil.

Más mian leat tuilleadh eolas a fháil nó féachaint ar an clár ama do na chainteanna is féidir leat an nasc seo a leanas a leanúint, www.nuigalway.ie/opendays.