Lá na n-Amadáin théis titim ar Domhnach Cásca

0
856

An chéad lá de Mí Aibreán, a thiteann Lá na n-Amadáin i gcónaí ach i mbliana agus inniu tá Domhnach Cásca agus Lá na n-Amadáin ag roinnt an lae. Is i 1956 an uair dheireanach gur tharla an ailiniú seo agus tarlóidh seo arís i gceann 11 bliana.

Is ar an chéad Domhnach théis an chéad gealach lán a tárlaíonn ar nó théis cónocht an earraigh a dhéanann na Críostaithe, céiliúradh a dhéanamh ar aiséirí Chríost leis an cáisc agus i mbliana is ar an 20ú lá de Mí an Mhárta a tharla cónocht an earraigh.

Lá na n-Amadáin go traidisiúnta is lá a bhíonn ann dóibh siúd gur mian leo cleasanna a n-imirt ar a gcuid chairde agus clainne agus is ar an céad lá de mí Aibreán a tharlaíonn sé i gconaí.

Tá seans ann i mbliana go mbeidh an Coinín Cáisc a n-imirt cúpla cleas ar na leanaí agus iad ag lorg na h-uibheacha sa Tóraíocht Uibheacha Cáisc inniu.

Is léir go bhfuil daoine áirithe ag baint sásamh as an plaidhcaíocht agus an cleasaíocht ar fad go háirithe sa Gaillimh agus rudaí aisteacha ar siúl.

https://www.facebook.com/connemaradaytours/photos/a.241950492858272.1073741828.223578991362089/556762088043776/?type=3&theater 

https://www.facebook.com/galwaybayhotel/videos/10155496427762358/?hc_ref=ARRsOyKjNnUZTXl1PdrQpPrH5OcUHpLnEBbKxHr7DbFCkQ1YVic7fRfpljwoIkbulps&fref=nf 

 

Is léir go bhfuil muintir na Gaillimhe lán don craic agus an magaíocht agus na cleasanna ar fad a n-imirt acu. Bheinn amharasach faoi chuile rud go háirithe inniu agus na h-uibheacha cáisc á n-ithe. Bainigí taithneamh as bhur Domhnach Cáisc agus cheistigh gach rud a léinn agus a chloisin sibh mar seans ollmhór go bhfuil duine ag iarraidh cleas a imirt ort.  Lá na n-Amadáin agus Domhnach Cáisc shona dhaoibh go léir.