Imeachtaí Seachtain na Gaeilge sa Ghaillimh 5ú Márta

0
1032

Leis an sneachta imithe uainn agus sinn ar bís an domhain a fhesicint arís seo agaibh blúire beag d’imeachtaí Seachtain na Gaeilge a bheidh ar siúl anseo sa Ghaillimh amárach.

An Taibhdhearc

Beidh an Taibhdhearc gnóthach amárach le imeachtaí Seachtain na Gaeilge ar maidin agus ansin um tráthnóna beidh Famelab ar siúl acu.

Chuireadh Famelab ar athló de bharr an droch aimsire an tseachtain seo chaite agus beidh sé ar siúl ag a 7.30 i.n amárach sa Taibhdhearc.

Ar maidin ansin beidh an Taibhdhearc ag chur taispeántas don dráma ‘Caith Amach É!’ ar siúl.

‘Tá an Taibhdhearc breá sásta a fhógairt go mbeidh ‘Caith Amach É!’ar stáitse againn ó 5-9ú Márta 2018. Tá an dráma grinn seo de chuid High Rock Productions bunaithe ar shraith pictiúr na hArdteistiméireachta don scrúdú béil.

Is seó taitneamhach, greannmhar agus bríomhar é, agus feictear é mar bhealach spraíúil chun daltraí a spreagadh i dtreo na Gaeilge. Beidh ‘Caith Amach É!’ ar siúl sa Taibhdhearc an bhliain seo agus is féidir glaoch a chuir orainn ag 091 562024 chun ticéid a fháil.

Tá costas €8 ar thicéid do na daltaí (múinteoirí saor in aisce) agus beidh an seó ar siúl ag 10.30r.n.  agus ag 12.i.n gach aon lá.

Tá muid ag súil le cloisteáil uaibh go luath, tá míle fáilte romhaibh teagmháil a dhéanamh linn má bhíonn ceist ar bith agaibh.’

Tar éis an droch aimsir ar fad agus chuma mí-shásta a bhí ar chuile duine is léir go mbeifeá lán do spiorad agus greann i ndiaidh an dhráma san a fheiscint.

COIRM – Amharclann na Cathrach, Gaillimh

Beidh comórtas COIRM ar siúl in Amharclann na Cathrach maidin amárach le scoileanna ó fad agus leithead an Gaillimh agus an Cathair ar ndóigh ag glacadh páirt i seónna atá go hiomlán i nGaeilge.

‘Tá sé mar aidhm ag COIRM lucht bunscoile a spreagadh le seó i nGaeilge a chur ardán a léireoidh na tallanna éagsúla atá ag daltaí na scoile, bídís ón rang céanna nó ó ranganna éagsúla. Sa tslí seo táimid ag súil le meas agus spéis na bpáistí sa Ghaeilge a neartú agus deis a thabhairt dóibh í a chleachtadh chomh maith. Tá COIRM dírithe go príomha ar ghaelscoileanna agus ar bhunscoileanna.’

Tá mór chuid do rialacha bainteach leis na seónna seo agus is féidir iad ar fad a fheiscint tríd dul chuig an suíomh Gael Linn.

Tráth na gCeist do Mhéanscoileanna

Beidh Tráth na gCeist Boird do Mhéanscoileanna atá Urraithe ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ar siúl oíche amárach, Dé Luain an 5ú lá de Mí an Mhárta. Beidh an imeacht ar siúl in Óstán Gullanes agus is féidir tuilleadh eolas a fháil ó Seosamh Ó Beirgin ag 086-3536085.

Beidh a thuilleadh eolas faoi imeachtaí Seachtain na Gaeilge le fáil anseo go luath agus sinn ag iarraidh gach rud a clúdach. Bainigí úsáid as bhur cúpla focal féin don coicís.

Oíche na bhFoghlaimeoirí

Beidh Oíche na bhFoghlaimeoirí ar siúl ar an Luain 5ú lá de Mí an Mhárta ag a 7.30pm in Áras na Gael.

Is deis iontach é seo do dhaoine teacht le chéile agus cleachtadh a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge i dtimpeallacht neamh-fhoirmeálta, cairdiúil agus oscailte.

Tá sé saor isteach agus tá fáilte roimh dhaoine nua i gconaí.