Ainmniúchán faighte do ghradam Éagsúlacht Idirnáisiúnta ag Trevor Ó Clochartaigh

0
817
Trevor Ó Clochartaigh - Galway Daily

Tá ainmniúhcáin faighte ag Trevor Ó Clochartaigh do ghradam Éagsúlacht Idirnáisiúnta.

Aithníonn na Ghradaim Éagsúlacht Idirnáisiúnta, daoine neamhspléach i ngach tír, cine, nó creideamh atá théis sár-deonachán a tabhairt i dtreo feabhasúchán d’éagsúlacht agus ionchuimsiú.

Ar an Satharn an 28ú Iúil 2018, beidh na searmanas ar siúl i mBaile Cliath agus bronnfar gradaim ar dhaoine áirithe don sár-obair ata déanta acu san.

Labhair Trevor Ó Clochartaigh, Bainisteoir Cumarsáide TG4, faoin áthas a bhí air agus é ainmnithe do Ghradam Éagsúlacht Idirnáisiúnta.

“Tá ríméad orm go bhfuil mé ainmnithe. Is onóir mhór é dom féin agus do mo chlann. Ach is aitheantas é freisin do na daoine ar fad a thacaigh liom sa ról poiblí a bhí ann. Iadsan na laochra i ndáiríre

“Tá súil agam go dtarraingeoidh sé aird ar chuid de na ceisteanna comhionannais atá fós le socrú in Éirinn. Cearta daonna, cearta oideachais & cearta oibre.

“Ní gá dúinn a bheith faoi scáth an fhaitíos roimh daoine atá éagsúil linn féin. Ba chóir ceiliúradh a dhéanamh ar chultúir éagsúla, smaointí éagsúla agus cúlraí éagsúla na pobail iolracha atá in Éirinn inniu.”

Guimís gach rath ar Trevor agus é ag treabhadh leis go dtí an Ard Cathar an mí seo chughann chun freastal ar an imeacht.

Labhair sé freisin faoin ról nua atá aige, ról mar Bainisteoir Cumarsáide i TG4,

“Tá mé ag baint an-sult as an ról nua. Tá foireann iontach í TG4 agus fís an-chinnte don todhchaí againn. Tá mé iontach sásta a bheith páirteach sa bhforbairt.”

Is léir go bhfuil todhchaí iontach maith, rathúil os a chomhair agus guimís gach rath ar leis an ainmniuchán atá faighte aige do Ghradam Éagsúlacht Idirnáisiúnta.