Gaeil na Gaillimhe ag eagrú ócáid i dteannta ‘Walk the Talk’

0
1061
Galway Daily sport Loughrea school adding all weather playing pitch

Más mian leat sos beag a fháil ón teilifís agus an Chorn Domhanda ar an Satharn an 14ú Iúil cur do bróga caide ort agus glac páirt ins an imeacht atá á rith ag Gaeil na Gaillimhe.

Tá Gaeil na Gaillimhe i gcomhpháirt le ‘Walk the Talk’ ag eagrú ócáid ‘Foireann le Chéile’ ar an Satharn 14 Iúil 2018.

“Is ócáid í seo a chuirfidh fáilte roimh bhaill an phobail ar fad – bí linn má tá tú díreach théis bogadh go hÉirinn, mura bhfuil taithí spóirt agat nó más mian leat níos mó a fháil amach faoin nGaeilge.

“Is eagraíocht phobalbhunaithe iad ‘Walk the Talk’ a bhfuil sé mar aidhm acu cuimsiú sósialta iad siúd atá ag maireachtáil sa chóras Soláthar Díreach a chur chun cinn trí mheán an spóirt agus na haclaíochta.”

Is ócáid saor in aisce í seo agus cuirfear fáilte roimh chách, ón bpobal náisiúnta agus idirnáisiúnta araon. Is do dhaoine níos sine ná 16 bliana d’aois í an ócáid ach tá fáilte roimh thuismitheoirí le páistí óga freisin atá ag iarraidh eolas a fháil faoin ‘Cúl Camp‘ lán-Ghaeilge an chumainn a bheas ar siúl go luath.

San áireamh ar an lá beidh:

  • Seisiún Buntreorach – rialacha na peile dóibh siúd nár imir cheana!
  • Blitzchomórtas peile.
  • Sóláistí le ‘One World Tapestry’ in Áras na nGael ar Shráid Dhoiminic ina dhiaidh.