Gaeil na Gaillimhe ar thóir imreoirí nua d’Fhoireann na mBan

0
1460

Leis an Gheimhreadh curtha taobh thiar dúinn agus an t-Earrach os ár chomhair tá Gaeil na Gaillimhe ar thóir imreoirí nua d’Fhoireann na mBan 2019.

Bunaíodh Gaeil na Gaillimhe CLG i mí Eanair 2016 chun an Ghaeilge agus an Pheil Ghaelach a chur chun cinn i gcathair na Gaillimhe. Cuirtear fáilte roimh cainteoirí Gaeilge na Gaillimhe maraon leo siúd ar mhaith leo níos mó Gaeilge a úsáid.

Ó shin i leith tá an chlub ag dul ó neart go neart chuile bhliain. Seo an cheathrú bliain a bheas Foireann na mBan agus Foireann na bhFear ag imirt i gcomórtais chraoibhe agus sraithe na Gaillimhe.

Labhair Stiofán Seoighe, duine de bhunaitheoirí an chlub Ghaeilaigh agus é ina gCathaoirleach i mbliana faoin tábhacht a bhaineann leis an chlub.

‘Tá pobal bríomhar Gaeilge cruthaithe ag bhaill an chumainn le ceithre bliana anuas. Chonaiceamar an obair éachtach a bhí déanta ag Na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath agus theastaigh uainn an rud céanna a dhéanamh anseo i nGaillimh,’ a deir Stiofán.

‘Tugann sé deis do chainteoirí Gaeilge sa chathair bualadh le daoine agus cairde nua a dhéanamh trí mheán na teanga agus, ina theannta sin, is deiseanna iontacha iad na seisiún traenála agus na hócáidí sóisialta dóibh siúd atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a fhorbairt agus a úsáid.

Tá Sarah Caulfield ag imirt le Foireann na mBan le dhá bhliain anuas agus labhair sí faoin atmaisféar fáiltiúl a bhíonn le braith ó Gaeil na Gaillimhe. Deir sí,

‘I ndáiríre ní raibh mé ag lorg club nuair a tháinig mé go dtí mo chéad traenáil leis an bhfoireann seo dhá bhliain ó shin, ach bhí na chailíní chomh togha gur tháinig mé ar ais gach seachtain.

‘Táim fíor bhródúil as ár bhfoireann; tá gach duine chomh fáilteach, deas agus misneach, agus bíonn an-chraic againn ag na seisiún traenála!’

Le Sraith na mBan ag tosú go luath deir Stiofán go bhfuilid fós ag clárú imreoirí nua go fóill.

‘Beidh Sraith na mBan ag tosú an mhí seo chughainn agus tá an fhoireann i mbun traenála cheana féin ag ullmhú don séasúr nua.

Imreoirí Nua á Lorg d'Fhoireann na mBan 2019
Foireann na mBan théis seisiún traenála sa chilín NUIG le Stiofán Seoighe atá i mbun an fhoireann a thraenáil faoi láthair

‘Tháinig forbairt ollmhór ar fhoireann na mban anuraidh agus táimíd ag iarraidh go dtarlódh sé sin arís i mbliana. Táimíd ag clárú imreoirí nua go fóill agus tá fáilte roimh chách, is cuma cén taithí atá agat leis an bpeil!

‘Deis iontach atá ann bualadh le daoine nua trí mheán na Gaeilge agus triail a bhaint as rud nua.’

Chabhraidh Gaeil na Gaillimhe le Áine Teahan bualadh le dhaoine nua nuair a bhog sí go dtí an Ghaillimh agus labhair sí faoin deis iontach sin.

‘Thosaigh mé le Gaeil na Gaillimhe in Eanáir 2018, tamall beag tar éis ar bhog mé go dtí an Ghaillimh agus bealach maith é chun bualadh le cairde nua. Tá na daoine ar an bhfoireann chomh deas agus cáirdiúil, tá siad go léir go hiontach.

Dúirt Áine ná chuireann Gaeil na Gaillimhe brú ar bith ort Gaeilge den scoth a bheith agat agus go ndéanfaidh do chúpla focal an bheart.

‘Ar dtús, bhí imní orm nach mbeadh caighdéan Gaeilge maith go leor agam ach tá an fhoireann dírithe ar taithneamh a bhaint as an dteanga seachas botúin gramadaí.

‘Maidir leis an peil, is breá liom é! Tá an atmaisféar an-spreagúil, agus bíonn an spraoi againn. Bhí bliain an-mhaith agam le Gaeil na Gaillimhe agus táim ag tnúth go mór leis an bliain atá ag teacht!, a deir sí.

Má tá suim agat píosa beag peil a n-imirt agus feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ná bí i do strainséir. Beidh seisiún traenála ar siúl Dé Satharn beag seo an 16ú Feabhra ag an Páirc Theas (na ‘Swamps’ mar a ghlaoitear go háitiúil uirthi) sa Chladach ag a 12.30pm. Buail síos agus bain triail aisti!

De ghnáth is tráthnóna Dé Máirt agus tráthnóna Déardaoin a bheas na seisiún traenála ar siúl ach má ta tuilleadh eolas de dhíth oraibh is féidir dul i dteagmháil le Stiofán ag 086-0757066 nó Barbara ag 087-7869699 nó más mian libh ríomhphoist a sheoladh chuig gaeilnagaillimhe@gmail.com