Foireann Iománaíochta na Gaillimhe Ainmnithe don ath-imirt.

0
796
Foireann na Gaillimhe ainmnithe don ath-imirt

Tá foireann iománaíochta na Gaillimhe ainmnithe don ath-imirt i gcoinne an Clár agus iad siúd a bhí gortaithe chun tosnú.

Bhíodar buartha faoi Joe Canning, Gearóid McInerney agus Dáithí Burke de bharr gortaithe a bhí ag an triúr acu ach táid uilig ainmnithe chun tosnú ar an Domhnach.

Beidh an Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar an Clár amárach, Dé Domhnach 5ú Lúnasa i Staid Semple, dTurlas, Tiobrad Árainn théis ar críochnaigh an Cluiche Leath Ceannais Craobh na hÉireann ar comhscór an tseachtain seo chaite i bPáirc an Crócaigh.

Cogadh den scoth a bhí ann sa Cluiche Leath Ceannais na hÉireann an tseachtain seo chaite agus théis am breise bhí an dá fhoireann ar fós comhscór.

Bhí sé deachair an dá fhoireann a scaradh óna chéile nuair a tháinig an Clár isteach sa cluiche i gceart théis 15 nóiméad agus sin mar a bhí sa cluiche in iomlán.

Beidh an dá fhoireann ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís an tseachtain seo ag a 2i.n., amárach Dé Domhnach, 5ú Lúnasa i Staid Semple agus foireann na Gaillimhe ainmnithe aréir.

Seo a leanas an fhoireann a bheas ag tosnú amárach:

1 James Skehill (Cappataggle)
2 Adrian Tuohy (Beagh)
3 Daithi Burke (Turloughmore)
4 John Hanbury (Rahoon/Newcastle)
5 Padraic Mannion (Ahascragh Fohenagh)
6 Gearoid McInerney (Oranmore/Maree)
7 Aidan Harte (Gort)
8 Johnny Coen (Loughrea)
9 David Burke (Capt.) (St. Thomas’s)
10 Joseph Cooney (Pro Sarsfields)
11 Joe Canning (Portumna)
12 Jonathon Glynn (Ardrahan)
13 Conor Whelan (Kinvara)
14 Conor Cooney (St. Thomas’)
15 Cathal Mannion (Ahascragh/Fohenagh)