Fleadh Cheoil na Gaillimhe 2018 réidh le tosú amárach

0
906
Fleadh Cheoil na Gaillimhe

Beidh Fleadh Cheoil na Gaillimhe 2018 ag tosnú amárach an 18ú Bealtaine agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an 20ú Bealtaine.

Tá Fleadh Cheoil na Gaillimhe 2018 le tosnú i Tuam amárach an 18ú Bealtaine go dtí an 20ú Bealtaine.

3 lá a bheas i gceist lán do craic, ceol, rince agus amhránaíocht mar aon le imeachtaí eile dar ndóigh.

Tosnóidh an Féile oíche amárach, Dé hAoine beag seo ag a 7i.n. sa Meánscoil Mercy.
Beidh taispeántaisí ós na grúpaí ceol sa bunscoil áitiúl maraon le grúpa ó An Dhuiche Seoighneach (Joyce Valley). Comh maith le sin reachtáilfear seisiún tithe tabhairne ins na hionad áitiúla.

Ar an Satharn an 19ú Bealtaine beidh tosach luath ag na hiomaitheoirí mar osclaíonn an clárú i Meánscoil Mercy agus Gaelscoil Iarfhlata ag a 8r.n.
Idir a 10r.n – 8i.n. ansin beidh Comórtais Cheoil fé 12, 12-15 ar siúl i Meánscoil Mercy.

Beidh tuilleadh eolas sna leabhrán Fleadh. Is féidir na leabhrán sin a cheannach ag na hionad a bheas na comortaisí ar siúl ag costas €5. Sna leabhrán beidh tuilleadh eolas faoi na comórtaisí ar fad, mar aon le altanna suimiúla faoi stair an cheol i Tuam.

Idir a 10r.n – 4i.n. beidh comórtais cheoil fé 9, Comhrá Gaeilge fé 9, 9-11, 13-15, agus Amhráin fé 12 & 12-15 ar siúl i Gaelscoil Iarfhlata. Arís beidh an t-eolas ar fad ar fáil sna leabhrán fleadh.

Más mian leat do scíth a ligeant um tráthnóna déadfá dul go dtí Ceolchoirm na Meanscoileanna a bheas ar siúl ag a 8i.n. ins an Halla Ceolchoirm i Meánscoil Mercy. Beidh taispeántaisí ó grúpaí ceoil na Meásncoileanna Co. na Gaillimhe .

Ar deireadh ansin beidh oíche Dé Satharn ag críochnú le Seisiún Ceoil dos na Déagóirí – thuas staighre sa Brogue ag a 9.30i.n.

Sé an Domhnaigh a bheas mar lá dheireanach don Fleadh Cheoil na Gaillimhe 2018. Tosnóidh sé go moch ar maidin, le Aifreann na Fleidhe – san ardeaglais ag a 8.30r.n. agus taréis sin ansin bedih tae agus caife le fáil i Meánscoil Mercy.

Ansin ag a 9.15r.n. tósnóidh an clárú le comórtais cheoil dóibh siúd idir 15-18, agus 18+ – i Meánscoil Mercy idir 10r.n. agus 4i.n.

Beidh Comórtais Amhrán agus Comhrá ar siúl i Gaelscoil Iarfhlatha thart ar an am céanna ach beidh an t-eolas ar fad le fáil sna leabhrán fleadh.

Ag a 4i.n. beidh na sráideanna dúnta mar go mbeidh Seisiún Mór ar siúl ag chuirfear fáilte roimh na ceoltóirí ar fad. Beidh aoieanna speisialta i láthair freisin.

Beidh an Fleadh Cheoil ag dul ar aghaidh ar feadh na hoíche le seisiún ceol sna tithe tabhairne.

Má tá tuilleadh eolas ag teastáil is féidir dul chuig www.galwaycomhaltas.ie. Bainigí sult as an deireadh seachtaine.