Cúrsa Ceol á thairscint ag OÉ Gaillimh don Bliain Acadúil Nua

0
915
Aidan Thomson ceol

Beidh Cúrsa BA Ceol á thairscint ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh dos na mic léinn, ó Mí Méan Fhomhair 2018 ar aghaidh.

Beidh mic léinn gur mian leo staidéar a dhéanamh ar an ceol ábalta cúrsa BA (Onóracha) a thógaint sa cheol ó Mí Méan Fhomhair 2018 ar aghaidh.

Is forbairt fíor spreagúil é seo don déantús ceol agus oideachas ceol in Iarthar na hÉireann, maraon le bheith ag déanamh níos láidre an cháil atá ar an Ollscoil cheana féin ó taobh na healaíona cruthaitheach.

D’fhógair an tOllscoil freisin gurb é an Dr. Aidan Thomson a bheas mar an Ceann i bhfeighil an Cúrsa Ceol. Bhí an Dr. Thomson ag múineadh in Ollscoil Oxford, Ollscoil Leeds agus le 14 bliain anuas bhí sé in Ollscoil na Banríona Béal Feirste ag múineadh go príomha i stair ceoil, teoiric agus anailís ach i bhfeidhmíocht freisin.

Gnéith den céim BA ceithre-bhliana ná go mbeidh deis ag chuile mac léinn tabhairt faoi socrúchán a bhaineann leis an ceol sa triú bhliain. Comh maith leis sin beidh na mic léinn ag oibriú le ceoltóirí proifisiúnta agus iad ag dul ar aghaidh leis an céim, go háirithe na ceoltóirí cónaithe reatha i nGaillimh, an ConTempo String Quartet.

Dúirt Aidan Thomson, Léachtóir Sinsearach Nua-Ceaptha sa Cheol in Ollscoil na hÉireann Gaillimh,

“Ní fhéadfaidh am an céim seo a bheith níos fearr. Tá sé de chumas le ceol a thabhairt isteach go mbeadh Ollscoil na hÉireann Gaillimh a bheith ina mhol tábhachtach maidir le feidhmíocht, cruthú agus smaoineamh ceoil.

“Cuireann sé leis an cáil atá ag Gaillimh mar ionad do sármhaitheas ealaíne mar a aithnítear i stádas Chathair Cultúr é i 2020.

“Le cúnamh Dé beidh siad feisithe le chur leis an fuinneamh cruthaitheach a bheas mar an Oidhreacht ag Gaillimh 2020, fiú mar taibheoirí, cumadóirí, múinteoirí, iriseoirí, riarthóirí ealaíon nó craoltóirí, i measc eile.

“Ach roimh é sin ar fad, beidh ár mic léinn ag croí an saol cruthaitheach san ollscoil, sa cathair agus níos faide anonn.”

Má tá tuilleadh eolas ag teastáil faoin BA i Ceol a bheas á thairscint i Mí Méan Fhomhair is féidir dul go http://www.nuigalway.ie/artsmusic/ nó físeán faoin cúrsa a fheiscint anseo.