Féile an tEarrach faoi lán seoil san Ionad Sliabh Eachtaí

0
1052
Féile an tEarrach

Tá Féile an tEarrach faoi lán seoil anois taréis tosnú ar an Satharn 24ú lá de Mí an Mhárta agus beidh sé ag leanúint ar aghaidh go dtí an Domhnaigh 8ú lá de Mí Aibreán san Ionad Sliabh Eachaí.

Bí linn aon lá i rith saoire na Cáisce agus beir greim ar áthais an t-earrach ag Féile tEarrach na Gaillimhe.
Is am iontach é an t-earrach ag an ionad mar go hiondúil comhtárlaíonn sé go mbíonn an aimsir níos teo, bíonn na bláthanna ag teacht suas agus tugann na laethanta níos faide ionsparáid dúinn an smúite ón Geimhridh a chroith uainn chun fáil gnóthach.

Is ionad saoire clainne éiceabhách é Sliabh Eachtaí atá á rith ag clann agus áit a déantar cuimhní agus a chuireann miongháire ar dhaoine.

An aidhm atá againn ná áit a cruthú a mbeadh tú in ann nasc a bheith agat leis an nádúir agus na séasúir. Tóg isteach cumhrán an adhmaid, éist le glór na ainmhithe agus bí ag faire ar an slí a n-iompraíonn siad. Bainigí sult as.

Leis an gáirdín orgánach deimhnithe atá lárnach don ghnó, thosaigh áis marcaíocht capall níos mó ná 25 bliain ó shin agus tá sé ag dul i mhéad de réir a chéile le áiseanna beaga comhdála, seomra do searmanais bainis agus spás do ceardlainne.

I 2012 d’oscail an teach lóistín le naoi seomra leapa maraon leis an bialann orgánach deimhnithe ar a glaotar, The Three Towers Eco House & Organic Kitchen. ‘Sé an Three Towers Eco Kitchen, ceann dos na dá bhialann orgánach deimhnithe in Éireann agus an t-aon ceann san iarthar.

Bíonn an Féile ar siul go laethúil ó 12-6 agus costas €7.50 an duine ar le tae/caife/coirdial agus rud éigin beag milis saor in aisce.

Is féidir siúlóid beag a thógaint tríd an foraois agus sibh ag faire amach dos na síoga. Fágann an coinín cáisc a chuid lorg coise ar an rian. Is féidir iad a leanúint chun fheiscint ar fhág sé aon rud milis timpeall.

Is féidir níos mó a fhoghlaim faoi na choiníní fiáin a bhíonn ag maireachtaint mórthimpeall an ionad sa bothán nádúrtha agus is féidir cuairt a thabhairt ar na choiníní san ionad. Trí an rian ainmhithe coillearnach a lenaúint is féidir a fháil amach cé eile a mhaireann sa foraois.

Tá mórchuid d’ainmhí mórthimpeall an ionad gur féidir chuairt a thabhairt ar, nó is féidir leat dul ag marcaíocht ar na capall nó na capaillíní (ag tosú ag €10 do marcaíocht caipillíní chuig an foraois do leanaí ó aois 5 suas.) Le níos mó na 2,000 achar do Foraois Coillte in aice an ionad tá siúlóidí níos faide ann dóibh siúd go dteastaíonn sin uathu.

Ag siúl isteach sa chistin orgánach Three Towers, is féidir an boladh iontach deas do cócaireacht baile a fháil, nó is féidir cupán caife nó tae a bheith agat agus tú ag suí lasmuigh sa gháirdín.

Ar oscailt ó 12-6 go laethúil, cosnaíonn sé €7.50 an duine isteach agus san áireamh tá seans agaibh:

  • An rian coinín cáisce chuig an foraois a leanúint ar cois (nó capaillín a thógaint chuig na geataí agus thar n-ais ar chostas €10 an leanbh)
  • Na coiníní a pheataracht.
  • Cuairt a thabhairt ar an seomra ceirde
  • D’aghaidh a fháil péinte.
  • Na capaillíní agus na ainmhí eile a pheataireach.
  • An rian coillearnach ainmhithe a leanúint.
  • Caith am fiúntach ag imirt cluichí leis an clann.
  • Imirt ar na luasctha sa chlós.
  • Feisteas áiféiseach a chur ort.
  • Téir ar siúlóid chuig an abhainn nó na coillearnach dúchasach.
  • Siúl tríd an gáirdín orgánach.

Tá cuma ar an scéal go bhfuil mórchuid rud le déanamh ag Féile an tEarrach i Sliabh Eachtaí agus lé cúnamh dé fanfaidh an ghrian ag scoilteadh na gcloch.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil ag info@sliveaughtycentre.com nó is féidir glaoch a chuir ar (090) 974 5246