Féile Raifteirí ag tosnú i gceann coicíse – ‘Raifteirí Guth na nGael’

0
1068
galway daily news loughrea councillors sean canney hse meeting day care centre

Beidh an Féile Raifteirí – ‘Raifteirí Guth na nGael’ ag tosnú i gceann coicíse i Baile Locha Riach.

Beidh an Féile atá á rith ag Gaeilge Locha Riach á tosnú ag an 16ú lá de Mí an Bhealtaine agus ag rith tríd go dtí an 20ú lá de Mí an Bhealtaine.

Dheineadar an céad Fhéile Raifteirí a eagrú siar i bhfad i 1902, le príomhaidhm na Féile ná comóradh agus céiliúradh a dhéanamh ar thréithe Raifteirí mar Ghael, mar fhile, mar amhránaí, agus mar cheoltóir.

Beidh an Féile á tosnú ar an gCéadaoin le Oíche Litríochta i Gaeilge Locha Riach.

Ar dtús beidh trí chnuasach le plé ag an Club Leabhar thart ar a 7i.n. agus ansin ag a 8i.n. beidh léacht ar siúl leis an Ollamh Fiontán De Brún faoi ‘Raifteirí agus Athbheocán Litríocht na Gaeilge’.

Ag a 9i.n. ansin seolfar Amhráin agus Dánta Raifteirí le Dúghlas De hÍde athchóirithe ag Nollaig Ó Muraíle.

Déardaoin an 17ú lá ansin beidh Oíche na nÓg á reachtáil, sa Plaza i Cill Tullach áit a mbeidh Seisiún Ceoil mar aon le caithréim filíochta is Spraoi ar siúl ag 7.30i.n. Chomh maith le sin bronnfar duaiseanna ‘Comórtas Raiftéirí.’ Oíche cheiliúrtha faoi stiúir Oisín Mac a bheas i gceist agus beidh soláistí á chur ar fáil.

Más mian libh bhur scíth a ligeant is féidir sin a dhéanamh ar an Satharn an 19ú Bealtaine agus sibh ag faire ar an gceolchoirm mhór a bheas ar siúl. Ag a 8i.n. beidh Ceol le Dís, Music Matters, Conor Caldwell & Aidan O’ Donnell. Beidh Filíocht ar siúl le Matt Ó Maonaigh chomh maith.

Ag deireadh na hoíche ansin beidh Club na Féile ar siúl, le comhluadar ceoil is craic Cúl a’ Tí, Baile Locha Riach.

Buailfidh clábhsúr na Féile linn ar an 20ú lá Dé Mí an Bhealtaine ansin. Ag a 12 méanlae tabharfar cuairt ar Uaigh Raifteirí i Cill Fhínín, Creachmhaoil. Beidh óráid comórtha ar siúl le Éamonn Ó Broithe is cuideachta ceoil, Conor Connolly & cairde.

Mar chuid de deireadh na Féile beidh cuairt á thabhairt ar Gháirdíní ‘Woodville’, Baile an Gharráin, Cill Chríost, Baile Locha Riach, áit a mbeidh ceol, scéalta, filíocht & cluichí na n-óg.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoin féile trí ríomhphoist a sheoladh chuig eolas@bailelochariach.ie nó cuairt a thabhairt ar suíomh idirlín Gaeilge Locha Riach anseo.