Coicís le dul chun bhur iarratais a chur isteach do Comórtais Raifteirí

0
899
Féile Raifteirí Baile Locha Riach

Tá coicís fágtha agaibh fós chun bhur iarratais a chur isteach ar an Comórtais Raifteirí a mbeidh ar siúl i mbliana idir an 14ú agus an 20ú lá de Mí Bealtaine.

Eagraíodh an céad Fhéile Raifteirí siar i 1902, le príomhaidhm na féile ná comóradh agus céiliúradh a dhéanamh ar thréithe Raifteirí mar Ghael, mar fhile, mar amhránaí, agus mar cheoltóir.

I mbliana beidh Bord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe is Ros Comáin agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ag tacú le comórtais ealaíne, filíochta agus giolcanna i measc bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna i gContae na Gaillimhe.

Tá téama na comótas solúbtha go leor ach tá sé bunaithe ar ‘Raifteirí – Siúlach Scéalach’ nó ar nathanna cainte nó seanfhocail bainte le taisteal is bóithre.

Beidh ócaid speisialta ar siúl ar an 17ú Bealtaine, Seisiún Ceoil is Caithréim Filíochta, áit a bronnfar na gradaim ar fad. Beidh cuireadh tugtha do bhuaiteoirí na gcomórtais a bheith rannpháirteach i gcomhar le cuideachta ceoltóirí áitiúla.

Beidh na hiarratais á glacadh i bhfoirm crua nó go leictreonach go dtí an Aoine 20ú lá de Mí Aibreán agus tá aon ceist ag rannpháirtithe tá míle fáilte teaghmháil a dhéanamh.

Is féidir na hiarratais crua a sheoladh chuig: Gaeilge Locha Riach, 3 Seanbhóthar na Gaillimh, Baile Locha Riach, Co na Gaillimhe nó iad a sheoladh go leictreonach chuig iarratas@bailelochariach.ie

Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoi Féile Raifteirí ag www.bailelochariach.ie agus ná déan dearmad go bhfuil coicís agaibh fós chun bhur iarratais a chur isteach.