Eoghan Ó Loideáin – Réalt Óg na Bliana 2018(?)

0
1783
Ainmniúchán faighte ag Eoghan Ó Loideáin ar ghearrliosta do Réalta Óg na Bliana 2018 - Galway Daily

D’fhoilsigh an tOireachtas gearrliosta do Réalta Óg na Bliana 2018 ar an 11ú Meán Fómhair agus bhain fear óg ón gCeathrú Rua spota amach ar an liosta.

Fear óg, lán le fuinneamh, beagáinín craiceáilte agus fliúrse cainte aige, é Eoghan Ó Loideáin ón gCeathrú Rua atá ainmnithe ar ghearrliosta do Réalta Óg na Bliana 2018 i dteannta ceathrar eile.

Labhair Eoghan le Galway Daily, faoin ainmniúchán a fuair sé agus a shaol sna meáin go dtí seo.

“Ar dtús báire bhí mé cineál náirithe! Mar mhuintir na hÉireann, ní maith linn an spotsholas a bheith orainn ró-mhinic! Tosóidh daoine ag gáirí nuair a chloiseann siad mé dhá rá sin, ach sí an fhírinne í!” a dúirt Eoghan.

D’admhaigh sé go mbíonn sé níos éasca dó nuair a bhíonn sé ag déanamh a chuid oibre samhlú nach mbíonn aon duine ag féachaint air.

“Nuair a bhím ag déanamh mo chuid oibre ní cheapaim go mbíonn duine ar bith ag breathnú orm. Sin é an t-aon chaoi a bhfuil mé in ann é a dhéanamh gan a bheith criticiúil ar mo chuid aicsin. Má bhíonn tú ag smaoineamh i gcónaí go mbíonn daoine ag breathnú ort ní dhéanfaidh tú rudaí mar a chéile!”

Tá Gradam Réalta Óg na Bliana ar an mbóthar ó 2015 agus is ceann speisialta é i mbliana ach go háirithe agus muintir na hÉireann ag céiliúradh Bliain na Gaeilge, rud a shuigh go deas le Eoghan.

“Is rud deas é a bheith ainmnithe go mór-mór sa mbliain atá ann, Bliain na Gaeilge agus scór bliain ó cuireadh tús leis na Gradaim. Tá mo chroí ardaithe le háthas.”

Léirigh Eoghan cé chomh beag is atá earnáil na meáin cumarsáide Gaeilge agus é ag insint dúinn go bhfuil aithne aige ar formhór na ndaoine eile atá ainmnithe ar an ngearrliosta.

Triúr ban atá ainmnithe, Niamh Ní Chróinín, láithreoir agus bainisteoir Raidió RíRá, Ciara Ní É, blagálaí agus scríbhneoir, agus Doireann Ní Ghlacáin atá mar láithreoir ar Fleadh TV do TG4 i mbliana. An ceathrú duine ar an ngearrliosta ná Damien Ó Dónaill, craoltóir le Raidió na Gaeltachta.

Ó aois óg bhí ana shuim ag Eoghan sna meáin agus é ag déanamh taifead ar físcheamara a fuair a thuismitheoirí don chlann don Nollaig.

“Fadó, fadó nuair nach raibh mé ach sé nó seacht cheannaigh m’athair is mo mháthair físcheamara dhúinn, bhínn ag déanamh cineál scannáin beaga leis sin.”

“Bhí mé in ann iad a ghearradh le chéile ag an am céanna agus chuir mé an shuim sa gceird de réir sin. Thaispeáin sé sin na féidearthachtaí dhom, agus ar ndóigh is maith liom roinnt cainte a dhéanamh freisin mar sin téann siad le chéile!” a dúirt Eoghan

Chuir Eoghan tús lena ghairm mar láithreoir ar an gclár Dochreidte Gan Dabht le Telegael i 2013, clár a mhair chúig shraith thar cheithre bhliain. Ó shin tá dhá shraith Whiz sa Chistin taifeadtha aige le Abú Media, sraith amháin Cleas Act le Tyrone Productions chomh maith le thar-ghuthú a dhéanamh ar roinnt mhaith cartúin.

Roimhe sin ar fad d’fhreastal sé ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Áit ar bhain sé céim B.A. sa gCumarsáid amach ó Acadamh na hOllscolaíochta, Gaeilge ar an gCeathrú Rua, Ollscoil ina raibh léachtóirí iontacha aige a deir sé.

“Bhí an oiread sin taithí acu, bhí siad in ann muid a threorú ar cén chaoi ab fhearr obair a fháil sna meáin agus cén threo ar cheart dhúinn dul.”

Sa triú bliain den chúrsa d’imigh sé go Ghlaschú ar feadh bliana ag staidéar mar go raibh an rogha aige idir sin agus taithí oibre a dhéanamh nó a bheith ag múineadh sa bpobal. Bliain den scoth a bhí aige thall agus rinné sé staidéar ar an nGàidhlig, rud a thug tuiscint níos fearr dhó ar struchtúr na Gaeilge.

Mhol Eoghan go mór do chuile dhuine beo bliain a chaitheamh thar lear i dtír éigin ag staidéar, ag obair nó fiú ag taisteal de bharr an méid sin atá le foghlaim as agus an cultúr nua, éagsúil atá le blaiseadh.

“Osclaíonn sé do chuid súile go mór,” a dúirt sé.

“Rinne mé staidéar ar an bhfealsúnacht freisin agus mé thall agus d’oscail sé mo dhearca ar an saol, is iontach an rud é dul anonn agus rudaí nua a thriail.”

Labhair Eoghan faoin deacracht a bhíonn ann agus tú ag lorg post in earnáil na meáin agus dar leis tá ceangailt ann idir an t-uafás rud agus tú ar thóir phoist.

“Braitheann sé ar chéard atá tú ag iarraidh a dhéanamh, braitheann sé ar an obair atá uait, braitheann sé ar an fad ama, tá sé i bhfad níos éasca obair ghairid a fháil ná obair fadtéarmach ach sin í an cheird. Braitheann sé uile ó lá go lá.”

Bhí Eoghan san áit chéanna atá an t-aos óg anois agus iad díreach théis coláiste a chríochnú. Bhí comhairle iontach aige do dhuine ar bith atá ag iarraidh tosú amach san earnáil.

“Stop ag caint faoi, tosaigh á dhéanamh agus tabhair faoi! Déanann muid an iomarca cainte faoi rudaí mar go mbíonn faitíos orainn tabhairt fúthu. Sin é an rud é, caithfimid rudaí nua a thriail, an fhaitíos a chuir dhúinn, buaileadh faoi agus má éiríonn linn, éiríonn linn.”

Is léir go bhfuil craic agus siamsaíocht go láidir sa bpearsantacht ag Eoghan Ó Loideáin agus níl dabht ar bith ann ach go dtabharfaidh sé leis é go dtí an tOireachtas a bheas ar siúl i dtreo dheireadh Mí na Samhna i gCill Áirne.

Is ar bhonn vóta poiblí a bhronnfar gradam Réalta Óg na Bliana agus is ar Oíche Shamhna a bheas an gradam á bhronnadh.

Chun vóta a chaitheamh, téacsáil an focail GRADAM agus UIMHIR an té a dteastaíonn uait vóta a chaitheamh di/dó chuig 57003 ó Phoblacht na hÉireann nó 60999 ó Thuaisceart Éireann.

Chun votáil do:
NIAMH NÍ CHRÓINÍN téacsáil GRADAM101
DAMIEN Ó DÓNAILL téacsáil GRADAM102
CIARA NÍ É téacsáil GRADAM103
DOIREANN NÍ GHLACÁIN téacsáil GRADAM104
EOGHAN Ó LOIDEÁIN téacsáil GRADAM105

Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 30 Deireadh Fómhair 2018, le costas €1.00/£1.00 ar chuile téacs.

Guimís gach rath ar Eoghan Ó Loideáin, ón gCeathrú Rua leis an ainmniúchán do Réalta Óg na Bliana 2018 agus a chuid saol sna meáin cumarsáide ag dul ó neart go neart.