Éigse Mhichael Mháire Ghabha i gCarna ag tosú amárach Aoine 26 Deireadh Fómhair

0
1510
Éigse Mhichael Mháire Gabha - Galway Daily

Chuirfear tús le Éigse Mhichael Mháire Ghabha i gCarna an deireadh seachtaine seo, 26ú Deireadh Fómhair.

Deireadh seachtaine lán de cheoil, damhsa, amhránaíocht, cheardlainne srl a bhíonn i gceist le Éigse Mhichael Mháire Ghabha atá ar an bhfód i gCarna le cúig bliana anois.

Chuireadh tús leis an bhFéile i 2013 in omós d’fhear ceoil, amhránaí agus laoch an tSean nóis, fear a bhí a chroí agus a n-anam sa Ghaeilge, sa traidisiún agus san óige.

Labhair an amhránaí clúiteach Caitríona Ní Cheannabháin le Galway Daily maidir le Éigse Mhichael Mháire Ghabha a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo in omós d’athair Caitríona.

“D’fhás sé suas san Aird Thoir i gCarna, ceantar a bhí lán le bród as a gcultúr agus sean nós. Bhíodh Michael i gcónaí ag gabháil fhoinn nó ag poirteacht béil, bhí sé ina laoch mór ar stáitsí ar fud an domhain. Bhí pearsa cinnéalta, grámhar ag Michael agus bhí sé ina ionsporáid mhór dá chlann.

“Bhí sé ina mháistir dhóibh ag múineadh na h-ámhráin agus ceoil ó aois óg. Cead faraoir chuaigh Michael ar shlí na fírinne i 2005, bhí laoch imithe as Ceantar Charna ach d’fhág sé tobar mór dá chuid amhráin agus ceol ina dhiadh.”

Deir Caitríona gur shocraigh an chlann oíche Chuimhneacháin a eagrú i gcuimhne Mhichael agus d’éirigh chomh maith leis gur chuir siad imeachtaí deireadh seachtaine ar bun agus tá an Éigse ag dul i bhfeabhas ó shin.

“Bíonn deireadh seachtaine an phearsanta oideachaisiúil agus taithneamhach ag cuairtóirí. Bíonn oscailt na hÉigse ar an Aoine agus leanann ceardlainn ar aghaidh ar maidin Dé Satharn agus ceolchoirm mhór ar oíche Satharn.

“Tugamid síntiús do charthanacht chuile bhliain, fear a bhí i Michael a bhíodh i gcónaí ag roinnt gach a bhí ar iompar aige ina phóca.

“Tugaimid Gradam na bliana do dhuine do na laochra atá go leor déanta acu don thraidisiún. Bhronnadh an ghradam sin ar Máirtín Tom Sheanín Mac Donnacha anuraidh ,2017.

“Bíonn ceoltóirí áitiúil agus cuairtóirí ag bualadh lena chéile ag seinm ceoil, damhsa agus ag roinnt na stileanna difriúl lena chéile,” a deir Caitríona.

Muna bhfuil faic eile ar bun agat an deireadh seachtaine seo, deireadh seachtaine saoire na bainc, ba chóir bualadh siar go Charna chun taithneamh a bhaint as an craic agus ceol agus chuile rud eile a bheas ann.

Seo dhaoibh clár ama dos na himeachtaí ar fad a bheas ar siúl i rith an deireadh seachtaine.

Clár ama don Aoine agus an Satharn

 

Clár ama don Domhnach agus an Luan