Deontas ceadaithe do ranganna siamsaíochta i nGaeltacht Chonamara agus Árann

0
714
Deontas ceadaithe chun Pháirc an gCeathrú Rua a gcoimeád gearrtha - Galway Daily

Tá deontas ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne chun ranganna siamsaíochta a chur ar bun i nGaeltacht Chonamara agus Árann.

Inné d’fhógair Seán Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stait don Ghaeilge,  don Ghaeltacht agus do na hOileáin, go bhfuil deontas suas le €35,406 ceadaithe aige do Ghréasán Múinteoirí na Gaillimhe chubn ranganna ceoil, damhsa agus amhránaíochta a chur ar fáil ar feadh tréimhse sealadach ar fud Ghaeltacht na Gaillimhe.

Is le Gréasán Múinteoirí na Gaillimhe atá an deontas á cheadú, ar mhaithe lena chinntiú go bhfuil ranganna sna healaíona traidisiúnta á gcur ar fáil i gConamara agus Árainn ó Mheán Fómhair 2018 go Nollaig 2018 – uair a ghlacfaidh Ealaín na Gaeltachta freagracht as an gclár a riar.

Cé go bhfuiltear ag leanúint sa ghearrthréimhse leis an soláthar ranganna atá ar fáil cheana féin i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall agus Chorcaí do scoilbhliain 2018/19, ní bheidh ar chumas Ealaín na Gaeltachta tús a chur le ranganna i nGaeltacht na Gaillimhe go dtí Eanáir 2019 de bharr na socruithe maidir le hearcú teagascóirí agus cúrsaí riaracháin eile atá le cur i gcrích lena chinntiú go gcuirfear seirbhís chuí, ar ardchaighdeán, ar fáil do dhaltaí agus do thuismitheoirí araon.  Tá próiseas earcaíochta ar bun ag Ealaín na Gaeltachta faoi láthair chun Comhordaitheoir sna hEalaíona Dúchasacha do Dhaoine Óga a fhostú agus táthar ag súil go mbeidh duine ceaptha roimh dheireadh na míosa seo.

Ceadaíodh deontas suas le €325,000 d’Ealaín na Gaeltachta i mí Iúil seo caite chun clár gníomhaíochtaí sna healaíona traidisiúnta do dhaoine óga a chur chun cinn ar fud na Gaeltachta le linn na scoilbhliana reatha.  Tá sé seo á dhéanamh i gcomhréir le beart 2.10 den Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge. Faoin gclár nua, déanfar leathnú agus forbairt chéimiúil ar an soláthar ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus ealaíona béil ar fud na gceantar Gaeltachta uile.

“Tá tábhacht faoi leith leis na healaíona dúchasacha i gcur chun cinn na teanga i measc daoine óga sa nGaeltacht,” a dúirt an tAire Stáit Kyne.

“Sin an fáth gur chinn mo Roinn leathnú a dhéanamh ar an bhfreastal a dhéantar ar dhaoine óga sa réimse seo agus gur bunaíodh an clár nua de ghníomhaíochtaí sna healaíona traidisiúnta i gcomhar le hEalaín na Gaeltachta.

“Is iontach go deo go bhfuil grúpa de theagascóirí Chonamara tagtha le chéile anois chun an bhearna a bhí ann ó thaobh ranganna sa cheantar de a líonadh, go dtí go mbeidh Ealaín na Gaeltachta ag cur tús leis an gclár i nGaeltacht na Gaillimhe an bliain seo chugainn.

“Molaim an gréasán múinteoirí seo a thóg an cúram seo orthu féin agus tá an-áthas orm go bhfuil mé in ann tacú leo ina n-iarrachtaí.”