Deontas ceadaithe chun páirc ar an gCeathrú Rua a choimeád gearrtha

0
996
Deontas ceadaithe chun Pháirc an gCeathrú Rua a gcoimeád gearrtha - Galway Daily

Deontas ceadaithe ag an Aire Stáit chun an pháirc ar an gCeathrú Rua a choiméad gearrtha.

Tá deontas suas le €13,200 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Choiste Pháirc an Chathánaaigh chun lomaire féir a cheannach chun an pháirc a choimeád gearrtha.

D’fhógair Sean Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu 12 Nollaig, go bhfuil deontas suas le €13,200 ceadaithe aige chun an pháirc ar an gCeathrú Rua a choimeád gearrtha.

“Tá an-áthas orm an deontas seo a cheadú don choiste gníomhach seo,” a dúirt an tAire Stáit Kyne.

“Tá áiseanna spóirt den scoth ar fáil ag Páirc an Chathánaigh agus iad ar fáil so na cumainn agus na scoileanna áitiúla ar fad. Tá súil agam go dtabharfaidh an maoiniú seo cúnamh dóibh chun an pháirc a choimeád i gcaoi mhaith.”

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.22 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.