Cruinnithe Poiblí ar siúl maidir le Plean Teanga Gaeilge Maigh Cuillin

0
1124
Cruinnithe Poiblí - Gaeilge Maigh Cuilinn

Beidh cruinnithe poiblí ar siúl an tseachtain seo chughainn maidir le Plean Teanga Gaeilge Maigh Cuilinn.

Ag tosú Dé Luan seo chughainn an 12ú Samhain agus ag leanúint ar aghaidh go dtí an Déardaoin 15ú Samhain chuirfear fáilte leis an phobail teacht go dtí na cruinnithe a reachtáilfear.

Tá Coiste Pleanáil Teanga Mhaigh Cuilinn ag obair leis an gcomhlacht Seirbhísí Pleanála Teanga le dhá bhliain anois ag cur an plean teanga le chéile agus tá dréacht den Phlean Teanga réidh anois le cur os comhair an phobail.

Beidh cruinnithe poiblí á reachtáil ag an gCoiste ón Luan go Déardaoin seo chughainn, an 12-15 Samhain, áit a cuirfear an Phlean os comhair an phobail ag na seisiúin comhairliúcháin.

Beidh córas aistriúcáin ar fáil ag an seisiún comhairliúcháin do dhaoine le beagán Gaeilge.

Is ins na áiteanna seo a leanas a bheas na seisiún comhairliúcháin ar siúl.

  • Dé Luain 12ú Samhain – Scoil Thulach Uí Chadhain @7pm
  • Dé Máirt 13ú Samhain – Scoil Tuairiní @7pm
  • Dé Céadaoin 14ú Samhain – Teach na Gaeilge @7pm
  • Déardaoin 15ú Samhain – Scoil Bhaile Nua@7pm

Cuirfear fáilte roimh cách ag na seisiún comhairliúcháin seo agus tabharfar an deis don bpobal a chuid tuairimí a thabhairt mar aon le moltaí a chur chun cinn.