Comórtas Pitseáilte Físín Féile Idirnáisiúnta Scannán an Daingean buaite ag ‘Ciúnas’

0
1021
Tristan Heanue 'A Break in the Clouds'

Tá an Comórtas Pitseáilte Físín a bhí ar siúl i Féile Idirnáisiúnta Scannán an Daingin buaite ag ‘Ciúnas’ le Tristan Heanue.

Is comórtas bliantúil é an Comórtas Pitseáilte Físín atá ar siúl i Féile Idirnáisiúnta Scannán an Daingin ó 2011. Tá an Comórtas seo dírithe agus an aidhm is mó atá leis ná scannánóirí a spreagadh an scannánaíocht a dhéanamh trí Gaeilge.

Tá Féile Idirnáisiúnta Scannán an Daingin ar an bhfód anois ó 2007 agus é ag dul ó neart go neart chuile bliain le réimse leathan scannánóirí ag baint tairbhe as an deireadh seachtaine iontach agus iad ag bualadh le chéile.

Bhí sé ar siúl an deireadh seachtaine seo chaite agus is ar an Domhnaigh an 25ú lá de Mí an Mhárta roimh an scannán dúnadh na Féile a dheineadar ‘Ciúnas’ a ainmniú mar an scannán buaite ón Comórtas Fisín.

Bhí ceathrar iomaitheoirí eile roghnaithe ach b’é ‘Ciúnas’ a bhuaigh amach is amach sa deireadh. Na h-iomaitheoirí eile a bhí roghnaithe don Comórtas ná:

Sharon Ní Chuilibín – Gormlaith
Eamonn Norris – Coimhlint
Coleen Grace Herlihy – Well Well
Sinéad Ralston – Gnáth Yvonne

Dúchasach ó Chonamara é Tristan Heanue atá ar bís leis an toradh ón deireadh seachtaine agus beidh ‘Ciúnas’ á léiriú ag Éamonn O’ Cualáin, buaiteoir IFTA.

“Taim chomh sásta leis an bua. Bhí an smaoineamh agam don scannán seo le blianta beag anuas agus mothúchán iontach é fios a bheith agam go mbeidh an scannán á dhéanamh an bliain seo.”

“Is é Féile Scannán an Daingin ceann do na féilte is fearr liom. Thugadar tacaíocht do m’oibre i gcónaí síos tríd na blianta agus táim fíor bhuíoch an deis a fháil chun an scannán seo a dhéanamh in éineacht leo.”

“Is é ‘Ciúnas’ an t-ainm ar an scannán agus an scéal bainteach leis ná is faoi beirt atá ag tabhairt chuairt ar iníon leo san oispidéal taréis iarracht a dhein sí lámh a chur ina bhás féin.”

“Tháinig an smaoineamh ó cruinní a chonaiceas idir clann istigh in ionad cóireáile agus mé ag tabhairt cuairt ar chara liom.”

Tristan Heanue ag Comórtas Físín sa Daingin

Tá Tristan fós bainteach leis an ciorcad féilte agus beidh an scannán atá aige faoi láthair ‘A Break in the Clouds’, á taibhiú ar an teilifís don céad uair i gceann cúpla lá.

Beidh ‘A Break in the Clouds’ ar siúl ar RTE 2 ar an tarna lá de Mí Aibreán. Taréis sin beidh Tristan Heanue á leanúint leis ag obair ar script dá príomhscannán agus tá scripteanna aige do dhá ghearrscannán eile gur mian leis a dhéanamh i gceann cúpla bliana.

Tá an príomhpáirt ag Tristan Heanue i príomhscannán Paddy Slattery ‘The Broken Law of Attraction’ a mbeidh á scannánú an Samhraidh seo.

“Thosaigh mé ag aisteoireacht go déanach agus mé i mo thriocadaí ach is rud a theastaigh uaim a dhéanamh i gconaí.”

Beidh bliain gnóthach agus fuinneamhaic, ag Tristan leis na tógraí ar fad a mbeidh ar bun aige ach tá sé ag tnúth leis go mór mór taréis an comórtas físín sa Daingin a bheith buaite aige.