Cnuasach Aistí Nua á sheoladh in Ollscoil Éireann Gaillimh

0
831
Galway Daily news International Criminal Court Chief Prosecutor

Beidh an cnuasach aistí Ag Caint leis an Simné? Dúshlán an Traidisiúin agus Nualitríocht na Gaeilge le Louis de Paor á sheoladh go luath in OÉ Gaillimh.

Beidh Michael Cronin, Cathaoir na Fraincise 1776, Coláiste na Trionóide ag seoladh an cnuasach nua aistí ag ocáid a bheas ar siúl Déardaoin seo chughainn an 13ú Meán Fomhair ag 5i.n san Institiúd de Móra, OÉ Gaillimh.

Cén gaol is ceart, nó is féidir, a bheith idir an scríbhneoir aonair is an traidisiún a tháinig roimhe, agus conas a bheidh léitheoirí a linne féin ag freagairt don ngné sin dá shaothar? Sa mhéid gur traidisiún scoilte é traidisiún na Gaeilge, cuid mhaith, is go bhfuil go leor dá cuid scríbhneoirí agus dá cuid léitheoirí scoite le traidisiún béil na Gaeltachta, agus leis an tseanlitríocht a bheag nó a mhór, tá an cheist níos casta ná mar a bheadh i dteangacha nach bhfuil stair choilíneach laistiar díobh.

Leis sin, tá míshuaimhneas éigin ag baint le ceist an traidisiúin ó tosnaíodh ar litríocht na Gaeilge a athchóiriú aimsir na hathbheochana agus freagraí éagsúla tabhartha ag scríbhneoirí ar an dúshlán a bhaineann le teanga mhionlaithe agus cultúr coilínithe a chur in oiriúint dóibh féin agus dá gcuid léitheoirí.

Sa leabhar seo téann an t-údar i ngleic leis an gceist seo trí ghnéithe éagsúla de shaothar fhilí agus scríbhneoirí móra próis na Gaeilge a scrúdú – leithéidí Sheáin Uí Ríordáin, Liam S Gógan, Mháire Mhac an tSaoi, Mháirtín Uí Dhireáin, Mháirtín Uí Chadhain agus Bhriain Uí Nualláin (Myles na Gopaleen) – féachaint conas mar a tháinig siad féin ar réiteach ar an gceist, má tháinig ar chor ar bith.